What makes up a constituency? Using census data, the Oireachtas Library & Research Service constituencies dashboard lets us get beyond numbers to see the important everyday issues for Ireland's people.
Cláir eolais dáilcheantair
Is uirlis idirghníomhach iad ár gcláir eolais a chuideoidh linn na sonraí ón daonáireamh is déanaí a spíonadh agus a thabharfaidh léargas níos grinne dúinn ar dhaonra na hÉireann, síos go dtí na toghcheantair.
Cad is féidir liom a dhéanamh leis na cláir eolais?
Níos mó eolais a fháil faoi do dháilcheantar agus pleanáil don todhchaí
A bhuíochas leis na cláir eolais, beidh bealach idirghníomhach amháin trínar féidir le toghthóirí, Comhaltaí agus taighdeoirí eolas a fháil faoin áit a bhfuil cónaí orthu agus faoi na rudaí a d’fhéadfaí a athrú.
A bheith ag súil le tionchar na n-athruithe beartais
Tá saincheisteanna laethúla níos soiléire mar gheall ar roghanna iomasacha scagtha agus iniúchta, síos go dtí na toghcheantair.
Mionscrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha i do dháilcheantar
Agus leas á bhaint as an mapáil is déanaí ó Thailte Éireann agus as na sonraí ón daonáireamh is déanaí, pléann ár gcláir eolais le sonraí faoi shé phríomhthéama:
- déimeagrafaic
- líonta tí agus tithíocht
- stádas eacnamaíoch agus obair
- iompar
- oideachas
- teaghlaigh

Léigh
Na cláir eolais a úsáid
Maidir leis na cláir eolais, déantar iniúchadh iontu ar 28 táscaire daonáirimh ar leith ó thaobh sé théama dhéimeagrafacha de.
Faigh tús eolais leis an treoir

Breathnaigh
Tús eolais ar ár gcláir eolais
Faigh amach conas an tairbhe is fearr a bhaint as na cláir eolais nua chumhachtacha dáilcheantair seo againne agus féach ar a bhfuil laistiar de na huimhreacha leis an bhfíseán réamheolais seo.
Inis dúinn cad a cheapann tú
- Cuirimid fáilte roimh aiseolas i dtaca leis na cláir eolais dáilcheantair
-
Tá an uirlis á forbairt i rith an ama agus meastar go gcuirfear téamaí agus sonraí breise léi.
Cuir ríomhphost chugainn má tá smaointe ar bith agat faoin gcaoi a bhféadfaimis feabhsú: