Cuireann Oifig Buiséid Pharlaiminteach Thithe an Oireachtais faisnéis, anailís agus comhairle neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil do Thithe an Oireachtais.

Cén fáth ar bunaíodh an Oifig Buiséid Pharlaiminteach?

D’aithin an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta an gá a bhí leis an oifig ina hathbhreithniú ar fhormhaoirsiú buiséid Pharlaimint na hÉireann. Mhol an Fochoiste um Athleasú na Dála de chuid an Oireachtais, ina thuarascáil deiridh i mí na Bealtaine 2016, go mbunófaí an Oifig.
Bunaíodh an Oifig Buiséid Pharlaiminteach in 2017. Is príomhfhoinse faisnéis airgeadais agus bhuiséadaithe í do Chomhaltaí den Oireachtas agus go háirithe don Choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid de réir mar a dhéanann sé grinnscrúdú ex-ante ar gach ábhar buiséadach.

OECD countries should provide for an inclusive, participative and realistic debate on budgetary choices, by offering opportunities for the parliament and its committees to engage with the budget process at all key stages of the budget cycle.
OECD Recommendations on Budgetary Governance
Annette Connolly, Stiúrthóir na hOifige Buiséid Parlaimintí

Annette Connolly, Stiúrthóir na hOifige Buiséid Parlaimintí

Struchtúr eagraíochtúil

Tá stiúrthóir ag an OPB, Annette Connolly, agus leas-stiúrthóir, Denise O’Connell. Tá líon beag foirne ann faoi cheannas an Phríomhoifigigh Chúnta, nó a chomhionann, ag feidhmiú mar cheannaire foirne ag tuairisciú chuig an leas-stiúrthóir. Clúdaíonn an OPB ábhair cosúil le taighde agus anailís bhuiséadach (lena n-áirítear anailís ar chaiteachas agus ar cháin), taighde eacnamaíoch, bainistiú airgeadas poiblí agus rialacha seimeastair AE agus fioscacha. D’fhéadfadh an struchtúr seo athrú agus forbróidh sé de réir mar a fhorbraíonn an OPB a cuid seirbhísí.

Sonraí teagmhála

An Oifig Buiséid Pharlaiminteach
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
pbo@oireachtas.ie