Is ceann d’fheidhmeanna tábhachtacha Dháil Éireann agus a Roghchoistí é Meastacháin an Rialtais le haghaidh Seirbhísí Poiblí a ghrinnfhiosrú.
Ar an leathanach seo gheobhaidh tú faisnéis agus anailís ar na Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí agus conas a dhéanann Comhaltaí Dála grinnscrúdú orthu. Tá an anailís go léir a tháirgeann an OBP neamhspleách agus neamhchlaonta.

An foilseachán is déanaí
Vóta 40 – An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Méadaíodh oll-leithdháileadh Vóta 40 le haghaidh 2021 go dtí níos mó ná €1.9 billiún, suas 4% (€82 milliún) níos mó ná leithdháileadh athbhreithnithe 2020 agus 5.8% (€110 milliún) níos mó ná bun-leithdháileadh 2020.
Foghlaim tuilleadh sa téacs seo a thógfaidh dhá nóiméad é a léamh.
Foilseacháin ar ghrinnscrúdú ar Mheastacháin
Bhailíomar rogha dár bhfoilseacháin a bhaineann le próiseas na Meastachán le haghaidh Seirbhísí Poiblí a thuiscint agus leis na fadhbhanna a bhaineann do Dháil Éireann agus í ag cur a dualgas grinnscrúdaithe i gcrích. D’fhéadfadh siad a bheith cuiditheach freisin maidir leis an ngrinnscrúdú a dhéanfar ar na Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2021.
Further Revised Estimate for Public Services 2021
See our data visualisation of May 2021 detailing the further revised estimate for social protection.
Meastacháin Athbhreithnithe 2021
Baineann na foilseacháin seo go díreach leis na Meastacháin Athbhreithnithe ar féidir le Roghchoistí na Dála a bheith ag súil le bheith á ngrinnscrúdú idir Márta agus Bealtaine i mbliana. Is Nótaí gairide an chuid is mó acu le hamharcléirithe sonraí idirghníomhacha.
Roghchoistí na Dála agus na Grúpaí Vóta Aireachta ar a ndéanann siad grinnscrúdú orthu 2021.
Taispeántar Coistí Dháil Éireann atá freagrach as grinnscrúdú ar airgead a ndearnadh vóta air sa ghrafaic faisnéise seo. Tá roinnt Grúpaí Vóta comhdhéanta de roinnt Vótaí, cé nach bhfuil ach vóta amháin ag roinnt eile acu.

An foilseachán is déanaí
Grinnscrúdú na Meastachán Athbhreithnithe le haghaidh Seirbhísí Poiblí a shoiléiriú
Féach na sleamhnáin chun a bheith in éineacht le ceardlann OBP do Chomhaltaí ar an 12 Márta 2021. Sa cheardlann tabharfar faoi:
- chuspóir ghrinnscrúdú na Meastachán Athbhreithnithe
- struchtúr gnáth-Vóta agus na hathruithe a dhéantar air i Meastacháin Athbhreithnithe 2021
- gnéithe ginearálta le fiosrú
- acmhainní le húsáid nuair atáthar ag grinnscrúdú na Meastachán Athbhreithnithe
Buiséadú feidhmíochta
Conas is féidir linn éifeachtacht agus éifeachtúlacht airgid a chaitear ar sheirbhísí poiblí a thomhas? Mínítear sna foilseacháin seo coincheapa an bhuiséadaithe feidhmíochta.
Treoracha úsáide
An bhfuil treoir ag teastáil uait maidir le conas na Meastacháin a léamh? An bhfuil tú ag iarraidh níos mó a bheith ar eolas agat faoi shaincheisteanna a fhéadfaidh a bheith ag Comhaltaí agus iad ag déanamh grinnfhiosrúchán éifeachtach? Féach ár dtreoracha úsáide.
Meastacháin Athbhreithnithe
Foilsíonn an Rialtas Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe don tSeirbhís Phoiblí i lár mhí na Nollag gach bliain. Cuirtear ar fáil ann mionsonraí faoi na leithdháiltí airgeadais a fógraíodh sa Bhuiséad chomh maith le spriocanna feidhmíochta agus faisnéis eile. Is ionann an t-airgead a leagtar amach sa doiciméad seo agus bunú chaiteachas an Rialtais Féadfaidh Meastacháin eile a bheith ann ina dhiaidh sin de réir mar a thagann an gá chun cinn agus ní mór don Dáil iad seo, freisin, a ghrinnscrúdú agus a cheadú.