Ar mhaith leat roinnt Gaeilge a chur i d’óráidí i dTithe an Oireachtais? Féach na nathanna seo a leanas a úsáidtear go minic sa Dáil, sa Seanad agus sna Coistí.
Cuirim fáilte roimh an Aire.
Táim ag roinnt mo chuid ama leis an Teachta ___.
Aontaím leis an méid a dúirt an Teachta.
Ní aontaím leis an Teachta.
Tacaím leis an mBille.
Molaim an Bille don Teach.
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht anseo.
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an cheist seo a fhreagairt.
Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt ar an ábhar tábhachtach seo.
Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt ar an mBille/mholadh/rún seo.
Gabhaim buíochas leis an Cheann Comhairle as ucht an deis seo a thabhairt dom an cheist seo a ardú.
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht na nithe tábhachtacha sin a ardú.
Rannóg an Aistriúcháin
I measc a seirbhísí eile, soláthraíonn Rannóg an Aistriúcháin seirbhís aistriúcháin do Theachtaí Dála agus Seanadóirí. Cuireann Rannóg an Aistriúcháin gluaiseanna d’fhocail Ghaeilge ar fáil freisin do Bhillí a fhoilsíonn an tOireachtas.
Téigh i dteagmháil le Rannóg an Aistriúcháin
Rannóg an Aistriúcháin
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
(01) 618 3922