Parlaimintí Éireannacha
Rinneadh ceiliúradh ar chéad bliain ó bhunú Dháil Éireann, an chéad pharlaimint fhlaitheach Éireannach sa nua-ré, i mí Eanáir 2019. Is ábhar spéise é, áfach, go raibh parlaimintí flaitheacha, nó tionóil bhreithniúcháin, éagsúla in Éirinn sna céadta bliain roimh scriosadh an réimis Ghaelaigh in Éirinn. Na huaisle agus an chléir is mó a bhíodh sna parlaimintí sin agus ba é an rí áitiúil nó an rí cúige, nó an tArd-Rí féin, a dhéanadh iad a thionól.
Mórdháil Dhroim Ceat
Ceann de na parlaimintí ba thúisce agus ba cháiliúla dá raibh in Éirinn ab ea Mórdháil Dhroim Ceat (‘Mór’ ⁊ ‘Dáil’). Ba é Ard-Rí na hÉireann, Aodh Mac Ainmire, a thionóil an mhórdháil sin sa bhliain 575 i nDroim Ceat (gar do Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire) agus bhí an naomh ardcháiliúil úd, Colm Cille, i láthair ann.
Fuinneog gloine daite i Mainistir Í ina bhfuil Naomh Colm Cille le feiscint / Vegansoldier, Naomh Columba, CC BY-SA 2.0
Ar na nithe tábhachtacha a cinneadh ag an bparlaimint sin, bhí soiléiriú ar stádas agus ar ról na mBard mar oirisigh oifigiúla ar ghaiscí an cheannaire stáit. Dealraíonn sé go raibh an tuairim ag an Rí Aodh go raibh an ceathrú heastát imithe as smacht agus nach raibh dóthain measa á léiriú acu ar an Ard-Rí féin. Bhí olc ar leith ar an Ard-Rí faoi iarrachtaí na mBard magadh a dhéanamh de sheodra na corónach agus bhí sé ag smaoineamh ar an ruaig ar fad a chur orthu as Éirinn. Cinneadh sa deireadh ar ligean do na Baird fanacht in Éirinn ach leagadh coinníollacha dochta síos dóibh maidir lena gcuid iompair as sin amach.
Rún níos tábhachtaí fós a ghlac Mórdháil Dhroim Ceat ab ea an cinneadh neamhspleáchas na coilíneachta Gaelaí in Albain – Dál Riada – a aithint. Bunaíodh Dál Riada sa 5ú haois agus bhí éirithe go rímhaith léi cumhacht agus tionchar na nGael in Albain a fhorbairt. Bhí torthaí fadtréimhseacha ar chinneadh Mhórdháil Dhroim Ceat neamhspleáchas na coilíneachta in Albain a aithint agus leag an cinneadh sin an bhunsraith síos le haghaidh ríocht Albanach a bheadh neamhspleách ar Éirinn agus, go deimhin féin, ar na coilíneachtaí Angla-Shacsanacha a bunaíodh le céad bliain roimhe sin sa Bhreatain (ónar eascair, ina dhiaidh sin, an tír ar a dtugtar Sasana anois).
Glacaimid leis gur le paidir le haghaidh inspioráid ó Dhia a tosaíodh an Mhórdháil toisc go maítear i dtuairisc a scríobhadh na céadta bliain ina dhiaidh sin go raibh baint nár bheag le teacht na n-aingeal ó na Flaithis go déanach sa lá leis an rath a bhí ar an Mórdháil. Is ábhar spéise é go bhfuil an nós úd maidir leis an gcléir a cheapadh ex officio sa pharlaimint fós á chleachtadh i ndlínse ár gcomharsan – an Ríocht Aontaithe.
Dáil
Luamar gur Dál Riada a tugadh ar an gcoilíneacht Ghaelach in Albain. Tá baint ag an bhfocal ‘Dál’ sa chiall sin leis an mbriathar nua-aimseartha Gaeilge, ‘dáil’ agus chiallaigh sé críoch pobail chomhdhaonnaigh timpeall ar rítheaghlach. Is ábhar spéise é go bhfuil an bhrí ‘sealúchas talún’ i measc na mbríonna atá leis an bhfocal Breatnaise ‘dalfa’ sa lá atá inniu ann. Bhí ríocht-ainmneacha a bhí bunaithe ar ‘Dál’ coitianta go leor, rud a léiríonn Dál nArraidhe (mór-naimhde Dhál Riada, agus Contae Aontroma anois), Dál Chormaic (deisceart Chontae Chill Dara anois), Dál nDruithne (Contae Ros Comáin, den chuid is mó, anois), Dál Fiatach (oirthear Chontae an Dúin anois) agus Dál gCais (Contae an Chláir anois).
Ba léiriú follasach é roghnú an fhocail ‘Dáil’ (de réir na brí ‘tionól breithniúcháin’) mar theideal ar pharlaimint Phoblacht nua na hÉireann go raibh ar intinn ag na fir agus na mná a bhunaigh an Phoblacht nua go mbeadh na teidil ar struchtúir pholaitíochta na poblachta siombaileach agus go ndearbhóidís naisc chultúir agus staire le struchtúir pholaitíochta na hÉireann roimh an gconcas gallda seachas leis na struchtúir a bhunaigh an chumhacht choilíneach. Go deimhin féin, tá tagairt sa Seanchas Mór do ‘do shuí dála’ (‘do shuíochán sa dáil).
Cuireadh chuig an gcéad suí poiblí de Dháil Éireann / Leabharlanna Átha Cliath Theas; Cartlann Capuchin
Dar ndóigh, tá an nath, ‘dáil chomhairle’, de réir na brí ‘dul i gcomhairle’, fós coitianta i nGaeilge an lae inniu. Úsáidtear an nath ‘i ndeireadh na dála’ go coitianta freisin – ‘agus gach rud ráite’.
Tá an focal ‘dáil’ le fáil sa leagan cainte ‘i ndáil le’ agus is minic a úsáidtear an leagan sin i ndoiciméid oifigiúla. Go deimhin féin, ní éireodh go ró-mhaith le hiarracht shimplí doiciméad de chuid Dháil Éireann a iompú ina dhoiciméad de chuid Sheanad Éireann tríd an bhfocal ‘Dáil’ a lorg agus an focal ‘Seanad’ a chur ina áit. Ní hé amháin go gcuirfeadh an tuiseal ginideach (dar ndóigh!) an iarracht sin ó mhaith ach bheadh an téarma gan bhrí ‘i nseanad le’ curtha in ionad an téarma bhreá ‘i ndáil le’!
Tá an-chuid comhfhocal sa Ghaeilge atá bunaithe ar an bhfocal ‘dáil’ – ‘mórdháil’ (‘mór’ ⁊ ‘dáil’ – féach thuas), ‘comhdháil’ (‘comh’ ⁊ ‘dáil’ = tionól), ‘éigeandáil’ (‘éigean’ ⁊ ‘dáil’ = práinn) agus ‘bandáil’ (‘ban’ ⁊ ‘dáil’ – dáil na mban). Ina theannta sin, tá aidiacht ann atá bunaithe ar an ainmfhocal agus thugtaí ‘dálach’ ar Thaoisigh a d’eagraíodh dáileanna (an uimhir iolra ar ‘Dáil’ a úsáidtear sa teanga oifigiúil anois).
Teachta Dála
Is léiriú é an cinneadh a glacadh ‘Teachtaí Dála’ a thabhairt ar chomhaltaí Dháil Éireann gur ag feidhmiú thar ceann an phobail a bheadh Dáil nua na hÉireann. Ionadaí is ea an Teachta a chuirtear go dtí áit eile ar ghnó oifigiúil agus tá an t-ainmfhocal bunaithe ar aidiacht bhriathartha an tseanbhriathair ‘téigh’. Mar sin, is amhlaidh a théann an Teachta Dála go dtí Dáil Éireann chun feidhmiú thar ceann an phobail. Tá an line ‘dul do theachta ar fharraige fhuar’ i ndán de chuid an 15ú céad le Philip Bocht Ó hUiginn.
Éire
Éire is ainm don tír seo, dar ndóigh. De réir an tseanchais, bhí Éire (Ériu sa seanlitriú) ar dhuine de thriúr deirfiúracha de chuid Thuatha Dé Danann a thug a n-ainmneacha don tír. Ba iad Banbha agus Fódhla an bheirt eile. Úsáidtear an dá ainm eile sin i gcónaí mar ainmneacha siombaileacha agus rómánsúla ar Éirinn. Tá sé sa seanchas gur ar Uisneach, siar ón Muileann gCearr, a adhlacadh an bhean a thug a hainm dá tír agus, dar ndóigh, is é Uisneach croílár na hÉireann. Is é an tuiseal ginideach den ainm a fhaighimid sa teideal ‘Dáil Éireann’.
Ail na Míreann, Cnoc Uisnigh, Co. na hIarmhí / © 2020 Google
Dhealródh sé gurb as ‘Éire-land’ a tháinig an t-ainm Béarla ‘Ireland’. Tá sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh an síneadh fada a chur ar an gcéad ‘E’ in ‘Éire’. Mura n-úsáidtear an síneadh fada, is é an focal ‘eire’ atá againn. ‘Ualach’ atá i gceist ansin (‘eire droma’, mar shampla) agus is téarma é sin a úsáidtear go príomha anois i gcúrsaí dlí agus i gcúrsaí airgeadais.
Seanad
Tá brí an tionóil leis an bhfocal ‘Seanad’ freisin agus dhealródh sé gurb as na focail Laidine ‘Senatus’ (tionól na seanóirí) agus ‘Senator’ (seanóir) a fuaireamar na focail ‘Seanad’ agus ‘Seanadóir’. Tugann an Dinínneach (1927) an focal ‘seanad’ mar fhocal baininscneach seachas mar fhocal firinscneach mar atá sa teanga oifigiúil sa lá atá inniu ann (cé go mb’fhéidir gur neodrach a bhí sé i dtús báire). Tá an focal le fáil i logainm i gContae Luimnigh – Seanaid – agus, dar ndóigh, ‘Synedd’ is ea a thugtar sa Bhreatnais ar Pharlaimint na Breataine Bige.
Oireachtas
Is é is brí leis an bhfocal ‘Oireachtas’ ‘tionól oirirc’ agus is focal é atá seanbhunaithe sa Ghaeilge. Mar shampla, tá tagairt i Leabhar na hUidhre, a tiomsaíodh timpeall ar an mbliain 1100 AD, do ‘lucht an Oireachtais’ (na daoine sa Tionól). Ba é ‘Oireachtas’ a roghnaíodh mar ainm ar an bparlaimint náisiúnta i mBunreacht an tSaorstáit (1922) agus foráiltear le hAirteagal 12 den Bhunreacht sin mar a leanas: “Bunuítear leis seo Cóir Reachtúcháin dá ngoirfear an tOireachtas.” Tá foráil den saghas céanna in Airteagal 15.1.10 de Bhunreacht na hÉireann (1937), mar a leanas: “An tOireachtas is ainm don Pharlaimint Náisiúnta, agus sin é a bheirtear uirthi de ghnáth sa Bhunreacht seo.” Tá nath suimiúil as Gaeilge Mhúscraí i bhFoclóir an Duinnínigh – ‘Cad é an t-oireachtas atá agaibh anso? (= ‘Cad ‘tá ar siúl agaibh anseo?’).
I ndeireadh na Dála!
Baineann tábhacht stairiúil, chultúir agus náisiúnta le hainmníocht oifigiúil ár bparlaiminte náisiúnta agus is ainmníocht í atá faighte mar oidhreacht againn uathu siúd a bhunaigh ár n-institiúidí daonlathacha. Léiríonn an ainmníocht sin aisling a tháinig slán trí stair achrannach fhada an náisiúin seo agus a sháraigh dúshláin a bhí geall le bheith dosháraithe chun go gcuirfí i gcrích í. Is oidhreacht ar leith de chuid ár n-institiúidí daonlathacha í agus is luachmhar linn í dá bharr.
Vivian Uíbh Eachach
Seirbhís Thithe an Oireachtais