Is féidir a rá gurb é Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, atá lonnaithe in Strasbourg, an tionól parlaiminteach idirnáisiúnta is sine ina bhfuil comhdhéanamh iolraíoch de chomhaltaí parlaiminte a thoghtar go daonlathach.
Bhí deich mballstát i gComhairle na hEorpa a chéaduair agus bhí Éire ina measc. Tionóladh a chéad seisiún ar an 10 Lúnasa 1949. Tá an Tionól ar cheann den dá fhoras reachtúla atá i gceist le Comhairle na hEorpa. Tá Coiste Airí ann freisin (Airí Gnóthaí Eachtracha). Is iondúil go dtionóltar cruinnithe ar leibhéal na dteachtaí nó na nAmbasadóirí. Tá 46 ballstát i gceist anois. Is é aidhm reachtúil Chomhairle na hEorpa aontacht níos mó a bhaint amach i measc a comhaltaí trí dhíospóireachtaí, comhaontuithe agus comhghníomhaíocht.

Físeán
Clár Faisnéise
Féach ar an gclár faisnéise seo chun radharc faoi choim a fháil ar an obair a dhéanann Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus ar ról thoscaireacht na hÉireann.
An Seanadóir Joe O'Reilly
Toghadh an Seanadóir Joe O’Reilly ar dhuine de Leas-Uachtaráin PACE
Toghadh an Seanadóir Joe O’Reilly ar dhuine de Leas-Uachtaráin PACE ag seisiún iomlánach Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 22–26 Eanáir 2018.
Toghtar Leas-Uachtaráin go bliantúil ag tús gnáthsheisiúin agus fanann siad in oifig go dtí oscailt an chéad seisiúin eile. Is iad feidhmeanna an Leas-Uachtaráin teacht in ionad an Uachtaráin nuair nach mbíonn sé nó sí ar fáil i rith díospóireacht de chuid an Tionóil i rith ceann de na seisiúin pháirteacha. D’fhéadfadh an tUachtarán iarradh ar Leas-Uachtarán dualgais ionadaíocha áirithe a chomhlíonadh ar son an Uachtaráin freisin.
Toscaireacht na hÉireann
Tá ceathrar lánchomhaltaí agus ceathrar comhaltaí ionaid i dtoscaireacht pharlaiminteach na hÉireann chuig an Tionól.
Comhaltaí iomlána
An Seanadóir Fiona O’Loughlin – an ceann toscaireachta
Comhaltaí ionaid
Maidir leis na toscairí
- Cad a dhéanann toscairí na hÉireann?
-
Freastalaíonn toscairí ar sheisiúin iomlánacha an Tionóil in Strasbourg ceithre huaire sa bhliain.
Tá suíochán ag Éirinn ar gach ceann de na sé phríomhchoiste de chuid an Tionóil. Tá ceannaire thoscaire na hÉireann ar an seachtú ceann, an buanchoiste. Freastalaíonn toscairí ar chruinnithe na gcoistí seo i gcaitheamh na bliana. Tagann na coistí le chéile le linn sheisiúin iomlánacha an Tionóil agus thart ar shé nó seacht n-uaire sa bhliain i mballstáit éagsúla.
Ina theannta sin, glacann comhaltaí páirt i misin bhreathnóireachta toghcháin ar iarratas ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa.
- Cén chaoi a roghnaítear na toscairí?
-
Tá comhaltas na toscaireachta bunaithe ar láidreachtaí páirtí laistigh de na Tithe. Ceapann an Príomh-Aoire ceannaire na toscaireachta.
Ní mór don Tionól dintiúir na toscaireachta a dhaingniú ag an seisiún iomlánach tosaigh gach mí Eanáir.
Féadfar an toscaireacht a cheapadh ar feadh ré na Dála, nó ar bhonn bliantúil. Ní fhéadfar le comhaltaí nua teacht in ionad comhaltaí den toscaireacht i lár a dtéarma ach amháin i gcás olltoghcháin nó bás comhalta, mar a leagtar síos i rialacha nós imeachta an Tionóil.
- Cothromaíocht inscne
-
Ghlac Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa le Rún 1348 (2003) maidir le cothromaíocht inscne ó thaobh ionadaíochta de sa Tionól Parlaiminteach. Dá réir sin, ní mór do pharlaimintí náisiúnta a chinntiú go gcuirfear mná san áireamh ina dtoscaireachtaí chuig Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, de réir an chéatadáin chéanna agus atá sa pharlaimint náisiúnta, ar a laghad. Ba cheart go mbeadh sé ina aidhm go mbeadh 30% den toscaireacht, ar a laghad, ina mná.

Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa / Íomhá: Comhairle na hEorpa
Tuilleadh eolais
Féach ar shuíomh gréasáin Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa chun tuilleadh eolais a fháil.
Sonraí teagmhála
Rúnaí thoscaireacht an Oireachtais
Eileen Lawlor
+353 (0)1 618 3778
interparliamentary@oir.ie
An tAonad Idirpharlaiminteach
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20