Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tAontas Eorpach

Bhí sé thír i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a bunaíodh sa bhliain 1958. Is aontas eacnamaíoch polaitiúil é an tAontas Eorpach (AE) sa lá atá inniu ann agus tá 27 ballstát ann. Cé gur díríodh ar chúrsaí eacnamaíocha amháin a chéaduair, cuimsíonn an tAontas Eorpach réimsí beartas amhail aeráid, timpeallacht, slándáil agus ceartas sa lá atá inniu ann.

Tá roinnt institiúidí san Aontas Eorpach. Is í an Chomhairle Eorpach a shocraíonn tosaíochtaí leathana an Aontais Eorpaigh. Is í Parlaimint na hEorpa an fóram ina ndéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, arna dtoghadh go díreach, ionadaíocht do shaoránaigh Eorpacha. Ceapann rialtais náisiúnta comhaltaí don Choimisiún Eorpach, a chuireann leasanna an Aontais Eorpaigh chun cinn. Cosnaíonn rialtais leasanna náisiúnta a dtíre féin i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Todhchaí na hEorpa

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Le breis agus 12 mhí anuas bhí An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa i gceannas ar bheart ón mbun aníos a dhírigh ar shaoránaigh, agus bhí gach Eorpach ag tabhairt a dtuairimí ar a bhfuil siad ag súil leis ón AE agus conas todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú. An 9 Bealtaine 2022, thug an Chomhdháil a cuid oibre chun críche, agus chuir sí tuarascáil le naoi dtogra is daichead chun cinn do thrí institiúid an Aontais Eorpach.

Lá na hEorpa

09 Bealtaine

Lá na hEorpa

Ar an 9 Bealtaine gach bliain déanann ballstáit an AE Lá na hEorpa a cheiliúradh. Is lá é chun machnamh a dhéanamh ar an gcomhoibriú, rathúnas agus síocháin atá ann ó thosaigh an ‘tionscadal na hEorpa’. Déanann an tOireachtas comóradh ar an lá seo gach bliain, le cláir speisialta Theilifís an Oireachtais, ráitis sna Tithe, agus breathnú siar i gcartlann na Leabharlainne agus ar dhíospóireachtaí an Oireachtais.

Oifig Pharlaiminte Náisiúnta an Oireachtais

Déanann Oifig Pharlaiminte Náisiúnta an Oireachtais sa Bhruiséil ionadaíocht ar dhá Theach an Oireachtais don Choimisiún Eorpach, don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, agus d'institiúidí eile an Aontais Eorpaigh. Is é príomhról na hOifige Parlaiminte Náisiúnta tuairisc a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach atá leasmhar nó tábhachtach d’obair Thithe an Oireachtais agus a gcoistí. Ina theannta sin, soláthraíonn sí faisnéis spriocdhírithe achomair faoi reachtaíocht Eorpach agus faoi nithe eile. Feidhm lárnach de chuid na hOifig is ea tuairisc a thabhairt ar aon saincheisteanna coimhdeachta a thiocfaidh chun cinn faoi fhorálacha Chonradh Liospóin.

Léigh feasachán seachtainiúil na hOifige Parlaiminte Náisiúnta chun a fháil amach cad atá ar an gclár oibre le haghaidh institiúidí na hEorpa.

Sonraí teagmhála

Ionadaí Buan Thithe an Oireachtais chuig an Aontas Eorpach

Paul Conway

+32 (0)2 2842038

+353 (0)87 9296962
paul.conway@natparl.ep.europa.eu

Oireachtas National Parliament Office

Parlaimint na hEorpa

MTY 03R026

Rue Montoyer 70

1000 An Bhruiséil

An Bheilg

An Coiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Coiste

An Coiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Tá ról lárnach ag an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh i dtreorú díospóireachta ar an Aontas Eorpach in Éirinn. Déanann sé breith ar fhorbairtí agus ar thionscnaimh thábhachtacha AE a mbíonn tionchar acu ar Éirinn agus cinntíonn sé go ndéantar grinnscrúdú ceart ar reachtaíocht agus ar thograí AE. Coimeádann sé an Rialtas cuntasach i ngaol na hÉireann leis an Eoraip.

Éire agus an tAontas Eorpach: amlíne na bpríomhimeachtaí

Timeline

Éire agus an tAontas Eorpach: amlíne na bpríomhimeachtaí

Chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1973, tar éis reifrinn inar thacaigh 83% de vótálaithe leis. Bhí tionchar radacach ag dul isteach in CEE, an tAontas Eorpach mar atá air anois, ar fhorbairt na hÉireann, go geilleagrach agus go sóisialta.

COSAC

NAISC ÚSÁIDEACHA

COSAC

Comhdháil choistí na bParlaimintí náisiúnta i mBallstáit an Aontais Eorpaigh is ea COSAC a phléann le gnóthaí an Aontais Eorpaigh mar aon le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa. Is iondúil go dtarlaíonn cruinnithe COSAC i bpríomhchathair na tíre ag a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

IPEX

NAISC ÚSÁIDEACHA

IPEX

Ardán is ea Ardán Idirpharlaiminteach do Mhalartú Faisnéise AE le haghaidh malartú faisnéise idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach, go háirithe i bhfianaise fhorálacha Chonradh Liospóin.

Oifig Eolais Pharlaimint na hEorpa in Éirinn

© An tAontas Eorpach, 2017, Parlaimint na hEorpach

Oifig Eolais Pharlaimint na hEorpa in Éirinn

Tá oifig faisnéise ag Parlaimint na hEorpa i ngach ballstát. Cuireann oifig na hÉireann faisnéis ar fáil maidir le Parlaimint na hEorpa agus na saincheisteanna atá á mbreith aici atá suntasach d’Éirinn. Cuireann sí faisnéis ar fáil chomh maith maidir le Comhaltaí Éireannacha Pharlaimint na hEorpa agus a ngníomhaíochtaí.

Europe Direct

NAISC ÚSÁIDEACHA

Europe Direct

Tá gréasán d’ionaid faisnéise inrochtana, áitiúla ag Coimisiún na hEorpa i ngach ballstát. Dáileann na hionaid Europe Direct in Éirinn faisnéis agus comhairle maidir le beartais an Aontais Eorpaigh. Cuireann siad díospóireacht áitiúil agus réigiúnach maidir leis an Aontas Eorpach chun cinn agus tugann siad deis don phobal aiseolas a sheoladh chuig institiúidí AE.

An Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha

NAISC ÚSÁIDEACHA

An Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha

Meitheal smaointe ar ghnóthaí Eorpacha agus idirnáisiúnta is ea an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Cuireann sí anailís agus réamh-mheastacháin ar fáil do bhaill maidir le cláir oibre beartais dhomhanda agus AE a bhfuil tionchar acu ar Éirinn. Cuireann sí fóram ar fáil chomh maith do líonrú corparáideach.

Barr
Roinn