Ar an 9 Bealtaine gach bliain déanann ballstáit an Aontais Lá na hEorpa a cheiliúradh. Agus síniú fhorógra Schuman in 1950 á chomóradh, is lá é chun machnamh ar an gcomhoibriú, ar an rathúnas agus ar an tsíocháin atá tar éis teacht chun cinn de dheasca an tionscadail Eorpaigh.
Cuirfear tús leis an mBliain Eorpach um Scileanna Lá na hEorpa i mbliana; cuirfear scileanna i gcroílár na díospóireachta faoi bheartais na hEorpa. Is lá é freisin chun níos mó eolais a thabhairt do shaoránaigh faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag AE chun Eoraip a chruthú atá glas, digiteach agus iomaíoch, atá cothrom agus oilte, agus atá láidir, acmhainneach agus sábháilte.
FÉACH
An Coimisinéir McGuinness ag tabhairt aithisc don Seanad Lá na hEorpa
Thug an Coimisinéir Eorpach um Sheirbhísí Airgeadais, Cobhsaíocht Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, Mairéad McGuinness, aitheasc do Sheanad Éireann maidir le stair an Aontais, ná dúshláin reatha atá ós a chomhair, agus a thodhchaí.
féach
A thábhachtaí atá ár bhféiniúlacht Eorpach
Is iomaí sprioc mhór atá bainte amach againn i rith ár staire san Aontas Eorpach ó 1972 i leith, agus táimid fós ag forbairt agus ag teacht in aibíocht san Eoraip.
Agus Lá na hEorpa á cheiliúradh againn, éist leis an gCeann Comhairle, an Teachta Seán ó Fearghaíl, agus é ag caint ar a thábhachtaí atá sé dúinn a bheith inár gcomhaltaí gníomhacha den Aontas Eorpach.
Féach
Teilifís an Oireachtais | Eagrán Speisialta in Strasbourg
Sa léiriú speisialta seo de chuid Theilifís an Oireachtais ó sheisiún iomlánach mhí Aibreáin i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg, feictear Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa agus iad ag taispeáint na hoibre a dhéanann siad sa Pharlaimint, lena n-áirítear imní aeráide agus airgeadais.
Imeachtaí suntasacha i dturas Eorpach na hÉireann
- 1973 | Téann Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
-
Tar éis roinnt blianta ag réiteach agus iarratas roimhe sin, shínigh Éire Conradh Aontachais le dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE – an tAontas Eorpach nó AE anois) in 1972. D’fhág ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, nach é an tOireachtas amháin a dhéanfadh na cinntí maidir le dlíthe sa Stát as sin amach, agus mar sin bhí gá le reifreann chun an Bunreacht a leasú.
Reáchtáladh an reifreann ar an 10 Bealtaine 1972. Vótáil ceathrar as cúigear (83.09% de thoghthóirí) ar son an reifrinn. Tháinig go leor daoine amach le vóta a chaitheamh, 70.3% de thoghthóirí. Chuaigh Éire isteach in CEE ar an 1 Eanáir 1973.
- 1974 | An tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974
-
Bhí Éire i mbun a céad Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach ó mhí Eanáir go mhí an Mheithimh 1975 faoi cheannaireacht an Taoisigh Liam Cosgrave. Ritheadh an Treoir um Pá Comhionann (Treoir 75/117/CEE ón gComhairle) lenar bunaíodh an prionsabal maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná i rith na hUachtaránachta.
Thángthas ar chomhaontú i rith na hUachtaránachta chun obair a thosú ar aontas pasanna agus cearta Comhphobail choitinn a chruthú do shaoránaigh an Chomhphobail Eorpaigh. Dúirt an Dr Garret FitzGerald, iar-Thaoiseach, gur chuidigh an rath a bhí ar chéad Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle chun clú a bhaint amach d’Éirinn mar thír a bhí dáiríre faoin Eoraip.
- 1986-1987 | An Ionstraim Eorpach Aonair
-
Ar Oíche Nollag 1986, shínigh an tUachtarán Patrick Hillery Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1986, a thug forálacha na hIonstraime Eorpaí Aonair i ndlí na hÉireann. Ach, ar an lá céanna lorgaíodh urghaire ón Ard-Chúirt a chuir cosc ar Rialtas na hÉireann an Conradh a dhaingniú gan an cheist a chur ar reifreann i dtosach.
I mí Aibreáin 1987, in Crotty v an Taoisigh, rialaigh an Chúirt Uachtarach mar gheall gur “céim shuntasach agus chinntitheach ar an gcosán chuig beartas eachtrach Eorpach aonair” a bhí san Ionstraim Eorpach Aonair, nach bhféadfaí í a dhaingniú ach le reifreann.
Ar an 26 Bealtaine 1987, reáchtáladh reifreann ar an Ionstraim Eorpach Aonair. Vótáil seachtó faoin gcéad de thoghthóirí ar a shon. Mar gheall ar na himeachtaí breithiúnacha, chaill Éire spriocdháta an 1 Eanáir chun an Conradh a dhaingniú. Chuir sé seo moill ar a theacht i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad.
Ó chinneadh na Cúirte Uachtaraí in Crotty v an Taoisigh i leith, cuireadh gach Conradh Eorpach ar reifreann in Éirinn.
- 1992 | An Conradh ar an Aontas Eorpach
-
Rinneadh an tAontas Eorpach (AE) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1993 faoi Chonradh Maastricht (an Conradh ar an Aontas Eorpachroimhe sin). Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Maastricht ar an 18 Meitheamh 1992. Ritheadh an reifreann agus 69.1% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’.
I gConradh Maastricht, réitíodh an bealach chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a chruthú, ina mbeadh roinnt ballstát de chuid AE, ach ní gach ceann. Tugtar limistéar an euro air sin anois.
- 2008-2009 | Conradh Liospóin
-
Reáchtáil Éire reifreann ar Chonradh Liospóin ar an 12 Meitheamh, 2008. Buaileadh an reifreann agus 53.4% de thoghthóirí ag vótáil ‘Níl’. Ba í Éire an t-aon Bhallstát a reáchtáil reifreann ar an gConradh agus bhí iontas ar an Aontas Eorpach gur diúltaíodh dó anseo.
I measc na gcúiseanna ar buaileadh é bhí easpa eolais faoin gConradh, imní go rabhthas chun Coimisinéir AE buan a chailleadh agus imní freisin go gcaillfí an inniúlacht náisiúnta i dtaca le neodracht agus rátaí cánach náisiúnta.
Mar fhreagra ar dhiúltú thoghthóirí na hÉireann don Chonradh, fuair Rialtas na hÉireann roinnt ráthaíochtaí ó cheannairí an Aontais Eorpaigh. Ina measc sin bhí tiomantas nach gcuirfeadh an Conradh isteach ar dhlí ná ar bheartas na hÉireann ar shaincheisteanna áirithe cosúil le neodracht nó cáin. Ina theannta sin, choinneodh ballstáit Coimisinéir AE buan.
D’éirigh leis an dara reifreann a reáchtáladh ar an gConradh ar an 2 Deireadh Fómhair 2009 agus 67.1% de thoghthóirí ag vótáil ‘Tá’.
- 2012 | An Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach
-
I Márta 2012, shínigh 25 ballstát an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas, ar a dtugtar an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach. I dtosach, rinneadh idirbheartaíocht ar an gConradh mar chineál comhoibrithe breisithe idir ballstáit mar nár ghlac Poblacht na Seice ná an Ríocht Aontaithe páirt sa Chonradh. Rith muintir na hÉireann an Conradh i reifreann a reáchtáladh an 31 Bealtaine 2012.
Bunaíodh sraith rialacha fioscacha, ar a dtugtar an Comhshocrú Fioscach, i dTeideal III den Chonradh. Ceanglaíonn na rialacha sin ar pháirtithe sa chonradh buiséad cothromaithe a chothabháil (a shainmhínítear amhail easnamh buiséid nach mó ná 3% den OTI) agus tugtar isteach ceanglas nach sáródh easnamh struchtúrach stáit cuspóir buiséadach meántéarmach sonrach na tíre, nó go bhfuil sé ar chúrsa chun an cuspóir sin a bhaint amach.
- 2016 | Reifreann na Ríochta Aontaithe maidir le ballraíocht an Aontais Eorpaigh
-
Tar éis reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016, vótáil muintir na Breataine chun an tAontas Eorpach a fhágáil. Ar an 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach don Chomhairle Eorpach. Ina dhiaidh sin, bhí idirbheartaíochtaí maidir le téarmaí aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, inar díríodh go mór ar chearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe, an socrú airgeadais d’aistarraingt na Ríochta Aontaithe agus socruithe chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.
- 2022 | Faigheann an Ghaeilge stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre
-
Ar an 1 Eanáir 2022, d’éag maolú lena gcuirtí srian ar an méid ábhair arna fhoilsiú ag institiúidí AE a d’fhéadfaí a aistriú go Gaeilge. Bhí seo i bhfeidhm ó 2007 i leith agus bhíothas á laghdú de réir a chéile ó 2015 i leith. Dá thoradh sin, tá an Ghaeilge anois ar chomhchéim leis na 23 theanga oifigiúla eile den AE, le stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre.
An Coimisiún Eorpach
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Féach ar an léiriú speisialta d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus í ag tabhairt aithisc do chomhshuí Thithe an Oireachtais i mí na Nollag 2022.
Parlaimint na hEorpa
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
Féach ar léiriú speisialta ina dtaispeántar an t-aitheasc a thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, do chomhshuí Thithe an Oireachtais i mí Feabhra 2023.
Féach
50 Bliain de Bhallraíocht san Aontas Eorpach
Mar chuid den cheiliúradh forleathan ar rannpháirtíocht na hÉireann i bpobal Eorpach ar feadh leathchéad bliain, déanann an Coiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh machnamh ar a bhfuil déanta ar son na tíre ó 1972 i leith toisc Éire a bheith sa tionscadal Eorpach.
Céard a cheapaimid faoin Eoraip?
Tá an Tuarascáil Eorabharaiméadair d’Éirinn, Geimhreadh 2022-2023, foilsithe ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn.
Pléitear sa tuarascáil le trí chroí-théama: muinín as Institiúidí Eorpacha agus treo an Aontais Eorpaigh amach anseo; ceisteanna comhthéacsúla tábhachtacha lena n-áirítear príomhábhair imní áitiúla amhail tithíocht agus costas maireachtála, ionradh na Rúise ar an Úcráin, soláthar fuinnimh agus claonadh polaitiúil; agus na Meáin chumarsáide.
- Tá dearcadh dearfach ag 74% d’Éireannaigh ar AE. Is méadú 4 phointe céatadáin é sin ar shamhradh 2022 agus is é an ráta is airde ar fud AE27 é.
- Tá 84% de shaoránaigh na hÉireann dóchasach faoi thodhchaí AE; is é sin an ráta is airde ar fud AE27.
- Tá muinín ag 61% d’Éireannaigh as AE. Is méadú 3 phointe céatadáin é sin ar shamhradh 2022 agus tá sé i bhfad os cionn mheán AE27 (47%).
- Deir 63% d’Éireannaigh go mbraitheann siad go bhfuil siad ar an eolas faoi chúrsaí Eorpacha.
- Is í an tithíocht an chloch is mó ar phaidrín na nÉireannach san am i láthair — deir 52% díobh gur príomhábhar imní í.
EEC membership, 14 July 1966
“If the Government fail to pursue this aim as thoroughly and as efficiently as we think is desirable, we will be pressing them from behind…It will do no harm to our position in Brussels and in this country if it is seen that this House is concerned about this matter.”
EEC membership, 21 March 1972
“Surely it is self-evident that if we were to remain outside the Community we would be conferring on the Border the status of a frontier, both economic and political, between ourselves and the rest of Europe.”
Léitheoireacht bhreise
Foghlaim tuilleadh faoi institiúidí an AE, caidreamh na hÉireann leis an AE agus comóradh 50 bliain ó reifreann na hÉireann maidir le dul isteach san AE in 1972.