Fóram atá sa Chumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas (NSIPA) a thugann deis le haghaidh pléití foirmiúla rialta idir Comhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann agus Comhaltaí Thithe an Oireachtais maidir le saincheisteanna ina bhfuil leas coiteann.
Toscairí chuig cruinniú tionscnaimh an Chumainn Idirpharlaimintigh Thuaidh/Theas, Teach Laighean, 2012
I ndiaidh sos a mhair roinnt blianta, tháinig ionadaithe ó na príomhpháirtithe polaitíochta uile de chuid Thionól Thuaisceart Éireann agus Thithe an Oireachtais le chéile i gContae Lú i Meán Fómhair 2024 le haghaidh an naoú seisiún iomlánach den Chumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas (NSIPA).
Rinne an Ceann Comhairle, an Teachta Seán Ó Fearghaíl, cathaoirleacht ar an seisiún iomlánach i dteannta a Chomh-Chathaoirligh, an Ceann Comhairle Edwin Poots, CTR. Tá an líon céanna comhaltaí ó Thionól Thuaisceart Éireann agus ó Thithe an Oireachtais sa chomhthionól.
Beartaíodh bunú an fhóraim idirpharlaimintigh seo i gComhaontú Aoine an Chéasta (1998) agus i gComhaontú Chill Rìmhinn (2006). Thionóil NSIPA a chéad chruinniú i Seomra an tSeanaid, Teach Laighean ar an 12 Deireadh Fómhair 2012.
Preaseisiúintí
14 Samh 2025, 15:46
Joint Communiqué: Tenth Plenary of the North/South Inter-Parliamentary Association
27 MFómh 2024, 14:12
Joint Communiqué: Ninth Plenary of the North/South Inter-Parliamentary Association
2 Noll 2016, 15:29
Joint Communiqué: Eighth Plenary of the North/South Inter-Parliamentary Association
Sonraí teagmhála fhoireann an Oireachtais
Preasoifigeach
Verona Ní Bhroinn
(+353) 1 618 3881
verona.nibroinn@oireachtas.ie