Déanann na Teachtaí Dála ionadaíocht faoi láthair do na dáilcheantair a leagadh síos don 33ú Dáil ach bainfidh iarrthóirí a bheidh san iomaíocht don chéad Dáil eile úsáid as na dáilcheantair atá leagtha síos san Acht Toghcháin (Leasú), 2023.
Déan cíoradh ar na dáilcheantair nuashainithe seo lenár léarscáil idirghníomhach. Bain úsáid as an roghchlár chun dáilcheantair a roghnú, na teorainneacha úra a fhiosrú agus a fháil amach an ndéanann na hathruithe sin difear duit.
Sonraí léarscáile arna soláthar trí Thailte Éireann. Is léarscáileanna léiritheacha iad na léarscáileanna agus is chun críche eolais amháin iad. Ní fios go fóill cén dáta a mbeidh olltoghchán ann don 34ú Dáil.