Bhunaigh an Ceann Comhairle, an tUasal Seán Ó Fearghaíl, TD, Fóram um Pribhléid Pharlaiminteach an 21 Iúil 2017. Thug an fóram a thuarascáil don Cheann Comhairle ar an 21 Nollaig 2017.
I gcomhlíonadh a chuid oibre, rinne an fóram scrúdú ar na tosca éagsúla a bhfuil tionchar acu ar fheidhmiú pribhléide sa Dáil, lena n-áirítear forálacha an Bhunreachta agus forálacha na mBuan-Orduithe. Ina theannta sin, rinne an fóram scrúdú ar fheidhmiú na pribhléide parlaimintí i ndlínsí eile, agus ar réimse aighneachtaí faoi chúrsaí pribhléide, arna ndéanamh ag parlaiminteoirí agus daoine eile.
Tá an fóram tar éis machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil pribhléid den riachtanas le gur féidir le Teachtaí Dála a sainordú toghchánach a chomhlíonadh, ach ar an gcaoi freisin a bhféadfadh rudaí a deirtear i Seomra na Dála dochar a dhéanamh do dhaoine lasmuigh den Teach. Rinne an fóram scrúdú ar an tslí ar chóir cothromaíocht a bhaint amach idir an dá thoisc sin – ar bhealach ina dtacaítear le cearta na dTeachtaí Dála agus ina dtugtar 'ceart freagartha' do dhaoine lasmuigh den Teach.
Tuarascáil
Tá 12 mholadh sa Tuarascáil ón bhFóram ar Phribhléid Pharlaiminteach a bhfuil mar aidhm acu tacú le hoibriú Thithe an Oireachtais agus é a fheabhsú.
Doiciméid Ábhartha
Is féidir leat téarmaí tagartha an fhóraim a léamh mar aon leis an mbeartas um chosaint sonraí maidir le láimhseáil na n-iarratas a fhaightear.