Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chácais na mBanpharlaiminteoirí 2018

Bhí an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chácais na mBanpharlaiminteoirí ar siúl an 9 agus an 10 Meán Fómhair 2018 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Éire.

Tháinig parlaiminteoirí as gach cearn den domhan le chéile ag an gcomhdháil chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhíonn le plé ag mná agus ar conas is féidir le parlaiminteoirí dul i ngleic leo. Bhí parlaiminteoirí i láthair as breis is dhá scór tír, lena n-áirítear an Airgintín, an Mhaláiv, an Mhongóil, an Nua-Shéalainn, an Phacastáin agus na Stáit Aontaithe. Ba í an Ró-Onórach Harriet Harman QC MP, as Páirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe an príomhchainteoir ag an ócáid, agus labhair an tOllamh Mary Beard ag an gcomhdháil freisin. Phléigh painéal ar a raibh an t-údar Martina Devlin ina cathaoirleach faoin bhfís do mhná in 2118.

Dearbhú Bhaile Átha Cliath

Ghlac an slua a d’fhreastail ar an gComhdháil le Dearbhú Bhaile Átha Cliath, togra i gcomhair gníomhaíochta maidir le mná sa pholaitíocht. Mar chuid den dearbhú sin tá tiomantas oibriú i measc na bpáirtithe agus smaointe idé-eolaíocha in iarracht comhionannas inscne a bhaint amach.

Clár

Íoslódáil leabhrán chlár Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chácais na mBanpharlaiminteoirí, 2018.

Físeán – cuid 1

Mná sa cheannaireacht – Harriet Harman MP

I gcuid 1 de Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chácas Parlaiminte na mBan, labhair Harriet Harman leis an gcomhdháil maidir le mná sa cheannaireacht.

Amharc ar an bhfíseán

Físeán – cuid 2

Mná sa tSochaí agus sa Pholaitíocht sa lá atá inniu ann - an tOllamh Mary Beard

I gcuid 2, thug an tOllamh Mary Beard a dearcadh faoi mhná sa tsochaí agus sa pholaitíocht. D’fhreagair an tOllamh Mary McAuliffe ansin, agus ina dhiaidh sin bhí ceisteanna ó thoscairí.

Amharc ar an bhfíseán

Físeán – cuid 3

Ár bhFís do Mhná in 2118 – plé painéil

Bhí an t-údar Martina Devlin ina cathaoirleach ar phlé le painéalaithe Kareen Jabre, Orla O’Conor, Laura Friedman, an Dr Jessie Kabwila agus Stella Creasy. Phléigh siad a bhfís do mhná in 2118.

Amharc ar an bhfíseán

Físeán – cuid 4

Aitheasc ón Taoiseach, Leo Varadkar TD

Thug an Taoiseach (Príomh-Aire na hÉireann), Leo Varadkar aitheasc oscailte na comhdhála.

Amharc ar an bhfíseán

Cainteoirí

Foghlaim tuilleadh faoi chainteoirí na Comhdhála.

Barr
Roinn