Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cóid leabaithe i gcomhair seirbhís beoshruthaithe an Oireachtais

Na cóid leabaithe a úsáid

  1. Roghnaigh an cód leabaithe ba mhaith leat a úsáid.
  2. Aibhsigh an cód leabaithe, agus cóipeáil chuig do ghearrthaisce é.
  3. I do chóras bainistíochta ábhair, oscail d’amharcóir HTML.
  4. Greamaigh an ghearrthóg HTML a chóipeáil tú i bhfuinneog d’amharcóra HTML. Ansin cliceáil ar ‘OK’ nó ‘Sábháil’.
  5. Ba cheart go mbeifeá in ann anois amharc ar ábhar ar do shuíomh gréasáin.

Tá úsáid faoi réir na rialacha clúdaigh. Cuir an chreidiúint seo a leanas san áireamh. “Soláthraíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais beoshruthú. ©Tithe an Oireachtais"”

 Teilifís an Oireachtais

 -----------

 Dáil Éireann

 -----------

 Seanad Éireann

 

-----------

 Seomra Coiste 1

 -----------

Seomra Coiste 2

 

-----------

Seomra Coiste 3

 

-----------

Seomra Coiste 4

Rialacha clúdaigh

Ní mór go gcomhlíonfadh úsáid na gcraoltaí agus na gcraoltaí gréasáin de chuid an dá Theach agus na gCoistí Parlaiminteacha Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Buan-Orduithe an tSeanaid. Ba cheart an méid seo a thabhairt faoi deara go háirithe:

"... ní úsáidfear taifeadtaí ná sleachta de na himeachtaí i gcláir shiamsaíochta éadroime, i gcláir aoire polaitiúla, i gcraoltaí páirtí polaitíochta nó i bhfoirm fógraíochta nó poiblíochta ar bith, seachas i bhfoirm réamhfhógrán chláir nuachta agus chláir chúrsaí reatha...".

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi na cóid leabaithe, seol ríomhphost chuig web@oireachtas.ie.

 

Barr
Roinn