Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Imeachtaí Craolta) de chuid an Oireachtais

CEADÚNAS FHAISNÉIS NA hEARNÁLA POIBLÍ (IMEACHTAÍ CRAOLTA) DE CHUID AN OIREACHTAIS

Ceadúnas chun Faisnéis Earnála Poiblí  de chineál Imeachtaí Craolta a athúsáid de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid),  2005 go 2015 (Ionstraimí Reachtúla Uimh. 279 de 2005, 103 de 2008 agus 525 de 2015)

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

A. Leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2003/98/CE arna leasú le Treoir 2013/37/AE na doiciméid (de réir mar a shainmhínítear an téarma “doiciméad” sna Treoracha sin) a bhfuil feidhm ag Treoir 2003/98/CE arna leasú ina leith, agus tá doiciméid éagsúla den chineál sin á sealbhú ag na comhlachtaí earnála poiblí seo a leanas nó ag ceann amháin nó níos mó díobh:
(1)  Tithe an Oireachtais nó ceann amháin nó ceachtar díobh;
(2)  Coimisiún Thithe an Oireachtais;
(3)  Seirbhís Thithe an Oireachtais

B. Mar áis tagartha amháin, agus gan cur síos uileghabhálach a sholáthar nó gan na Treoracha nó na Rialacháin a theorannú ar aon slí, tá na nithe seo a leanas ina samplaí de na doiciméid nach bhfuil feidhm ag na Treoracha agus ag na Rialacháin ina leith:
(1)  Doiciméid nó codanna de dhoiciméid a bhfuil teorainn ann lena n-athúsáid chun éifeacht a thabhairt don teidlíocht atá ag duine chun go gcosnófar a shonraí nó a sonraí pearsanta;
(2)  Doiciméid nó codanna de dhoiciméid arb ionann iad agus “taifid dhíolmhaithe” chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014;
(3)  Codanna de dhoiciméid nach bhfuil ach lógónna, suaitheantais agus ionchomharthaí iontu, amhail cláirseach oifigiúil na hÉireann agus suaitheantais eile de chuid an Stáit;
(4)  Doiciméid nó codanna de dhoiciméid atá á sealbhú ag comhlacht earnála poiblí chun sainchúram craolacháin earnála poiblí a chomhlíonadh;
(5)  Na cearta atá ag tríú daoine nach bhfuil údarás ag an gCeadúnóir iad a cheadúnú;
(6)  Faisnéis atá faoi réir cearta eile maoine intleachtúla, lena n-áirítear paitinní, trádmharcanna agus cearta dearaidh.

COMHAONTAÍONN AN CEADÚNÓIR AGUS AN CEADÚNAÍ MAR SEO A LEANAS:

1. Léiriú
1.1. Tá an bhrí seo a leanas leis na focail agus leis na frásaí a úsáidtear sa Cheadúnas seo:

“Imeachtaí Craolta”:  Aon taifeadadh fuaime, físe, nó fuaime agus físe araon, ar  imeachtaí ceachtar Teach den Oireachtas nó ar imeachtaí an dá Theach, nó ar imeachtaí coiste de chuid ceann amháin de na Tithe nó an dá cheann díobh, i gcás go bhfuil an taifeadadh sin faoi  réir Bhuan-Ordú 139 ón Dáil, Bhuan-Ordú 97 ón Seanad nó aon leasaithe ar cheachtar de na Buan-Orduithe sin nó ar an dá cheann díobh nó aon ní arna chur in ionad ceachtar de na Buan-Orduithe sin nó an dá cheann díobh, lena n-áirítear aon atáirgeadh ar an taifeadadh nó ar aon sliocht as (is cuma cé acu is  íomhá ghluaisteach é nó nach ea nó cé acu a úsáidtear é chun íomhá ghluaisteach a chruthú nó nach n-úsáidtear);

“Treoracha”:  Treoir 2003/98/CE agus Treoir 2013/37/AE;

“Ceadúnas”:  An Comhaontú seo a dhéantar idir an Ceadúnaí agus comhlacht a rialaítear leis an dlí poiblí;

“Ceadúnaí”:  Aon duine aonair nó eintiteas dlíthiúil a aontaíonn le bheith faoi cheangal ag téarmaí agus coinníollacha an cheadúnais seo;

“Ceadúnóir”:  Sealbhóir cóipchirt aon doiciméid a cheadúnaítear faoin gcomhaontú seo agus an comhlacht a rialaítear leis an dlí poiblí a eisíonn an doiciméad; agus

“Réamhaithrisí”: An Ceadúnas seo idir an téarma “De bharr an méid seo a leanas” agus an téarma “agus cearta dearaidh” ag deireadh Réamhaithris B, agus an dá théarma sin  san áireamh;

“Rialacháin”:  Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid),  2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005) arna leasú  le  Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid)  (Leasú), 2008 (I.R. Uimh. 103 de 2008), agus le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid)  (Leasú), 2015 (I.R. Uimh. 525 de 2015):

1.2. Maidir le focal nó nath a úsáidtear sa Cheadúnas seo, is ionann an bhrí atá leis sa Cheadúnas seo agus an bhrí atá leis sna Treoracha agus sna Rialacháin, mura gcuirtear a mhalairt de rún in iúl.  

1.3. Sa Cheadúnas seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, áireofar an uimhir iolra le focail atá san uimhir uatha, agus vice versa, agus áireofar gach inscne eile le focail lena ngabhann aon inscne ar leith.

1.4. Déanfar aon tagairt sa Cheadúnas seo d’aon reacht nó d’aon fhoráil reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don reacht nó don fhoráil reachtúil sin de réir mar a dhéanfar é/í a leasú, a athrú, a leathnú nó a athachtú, nó de réir mar a chuirfear reacht nó foráil eile ina (h)ionad, ó am go chéile (roimh chruthú an Cheadúnais seo agus ina dhiaidh araon), agus áireofar léi gach fo-reachtaíocht a dhéanfar faoin reacht nó faoin bhforáil ó am go chéile.

2. Doiciméid a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo
2.1 Ní chumhdaítear leis an gCeadúnas seo ach doiciméad (mar a shainmhínítear sna Treoracha agus sna Rialacháin) a bhfuil feidhm ag na Treoracha agus ag na Rialacháin ina leith, fad nach ndéantar an doiciméad sin a eisiamh le téarmaí an Cheadúnais seo.

2.2 Ní chumhdaítear doiciméid leis an gCeadúnas seo seachas i gcás gurb ionann iad agus Imeachtaí Craolta mar a shainmhínítear i Mír 1.1 (lena n-áirítear eisiúint na nImeachtaí sin ar an Idirlíon tríd an nGréasán Domhanda, ach gan a bheith teoranta dó sin).

3. Doiciméid a athúsáid
3.1 Féadfaidh Ceadúnaí doiciméad a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo a athúsáid i saothar chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála araon (faoi réir na gcoinníollacha athúsáide atá leagtha amach thíos).

4.  Coinníollacha Athúsáide
4.1 Is coinníoll le hathúsáid doiciméid a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo (lena n-áirítear ar mhodh leabaithe) go gcomhlíonann an Ceadúnaí an méid seo a leanas:  
(1)  foinse agus teideal an doiciméid a chur in iúl go soiléir;
(2)  sonraí faoin gcóipcheart mar aon le ráiteas á rá go bhfuil an t-ábhar á atáirgeadh faoi Cheadúnas a chur ar áireamh i ngach saothar agus an ráiteas sin a chur ar bhealach nó in áit lena dtugtar fógra réasúnta faoi éileamh cóipchirt sa saothar;
(3)  a mhéid is indéanta, dáta foilsithe an doiciméid a chur in iúl nó, i gcás nach bhfuil fáil ar an dáta foilsithe go héasca, an dáta a cuireadh an doiciméad ar fáil den chéad uair a chur in iúl;
(4)  i gcás inar fearr é ón taobh teicniúil de, na coinníollacha (1) go (3), agus an dá choinníoll sin san áireamh, a chomhlíonadh trí “chomhartha uisce” a chur le píosaí scannáin físe;
(5)  gan an doiciméad a úsáid:
(a)  más é an príomhchuspóir atá leis fógraíocht nó cur chun cinn a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís áirithe ná in aon chineál fógraíochta nó poiblíochta seachas i bhfoirm réamhfhógrán do chláir nuachta agus cúrsaí reatha;
(b)  i gcláir shiamsaíochta éadroime ná i gcláir aoire polaitiúla;
(c)  in aon chomhthéacs nó chun aon chríche a d'fhéadfadh, le réasún, míchlú a tharraingt ar imeachtaí an Oireachtais, ná chun aon chríche neamhdhleathaí, mímhorálta, calaoisí nó  mímhacánta ná i dtacaíocht leis na críocha réamhluaite;
(d)  ar shlí a dtabharfadh formhuiniú ag an gCeadúnóir le tuiscint; nó
(e)  go ginearálta ar shlí ar dóigh di daoine eile a chur ar míthreoir;
(6)  cothromaíocht pholaitiúil a chinntiú sa chaoi a mbaintear athúsáid as an ábhar;
(7)  gan aon suaitheantas, lógó nó marc de chuid an Stáit, Roinne Rialtais nó comhlachta a rialaítear leis an dlí poiblí a atáirgeadh, ach amháin i gcás go bhfuil an suaitheantas sin, an lógó sin, nó an marc sin mar chuid lárnach den doiciméad atá á athúsáid;
(8)  léirithe reatha ar an doiciméad nó ar chodanna den doiciméad a atáirgeadh nó a athúsáid go cruinn;
(9)  a chur faoi deara do dhaoine a leabaíonn leaganacha den doiciméad nó codanna den doiciméad ó shuíomh gréasáin an Cheadúnaí na coinníollacha céanna a bhfuil an Ceadúnaí faoina réir faoin gCeadúnas seo a chomhlíonadh; agus
(10)  aon leabú a dhíchumasú i gcás nach féidir leis an gCeadúnaí an doiciméad a leabú a thuilleadh (mar shampla, ar na meáin shóisialta) i gcomhréir leis na coinníollacha i Mír 4.1 seo, nó i gcás ina dtiocfaidh an Ceadúnaí ar an eolas faoi athúsáid eile atá contrártha do théarmaí na Míre.

4.2 Chun críocha Mhír 4.1, agus gan dochar do ghinearáltacht théarmaí na Míre, baintear úsáid as doiciméad chun críocha fógraíochta, cur chun cinn, nó poiblíochta ar bhealach atá contrártha do théarmaí na Míre má tá úsáid á baint as:
(1)  i gcraoltaí páirtí polaitíochta;
(2)  i gcúrsa aon chomhdhála nó aon chruinnithe de chuid páirtí polaitíochta cláraithe nó páirtí polaitíochta eile nó de chuid grúpa arna aithint faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas;
(3)  in ábhar cur chun cinn, cibé caoi a bhfoilseofar é, de chuid aon pháirtí nó aon ghrúpa den sórt sin, nó;
(4)  chun iarrthóireacht aon duine i dtoghchán a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach, nó chun cur i gcoinne iarrthóireachta aon duine i dtoghchán, go díreach nó go hindíreach, nó chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn ar shlí eile.

5. Fo-Cheadúnú
5.1 Faoi réir na bhforálacha in Alt 4.1 lena rialaítear leabú, ní ceadmhach tairbhe an Cheadúnais seo a fho-cheadúnú.

6. Ginearálta
6.1 I gcás inar gá don Cheadúnaí tagairt a dhéanamh don Cheadúnas seo, mar shampla, de bhun Alt 4.1, féadfaidh an Cheadúnaí tagairt a dhéanamh don Cheadúnas mar “Ceadúnas (Faisnéis na hEarnála Poiblí – Imeachtaí Craolta) de chuid an Oireachtais”.

6.2 Tá na Réamhaithrisí a ghabhann leis an gCeadúnas seo corpraithe sa Cheadúnas seo agus is cuid dá théarmaí iad.

6.3 Ní choiscfidh aon ní sa Cheadúnas seo ​​ar an gCeadúnóir:
(1)  liosta de na ceadúnais uile a dheonaítear faoi na Rialacháin mar aon le sonraí faoi na ceadúnaithe agus na doiciméid arna gceadúnú amhlaidh a fhoilsiú;
(2)  táillí atá laistigh de na teorainneacha a bhunaítear leis na Rialacháin a ghearradh as doiciméid a athúsáid; nó
(3)  doiciméad a athúsáid go dleathach faoin Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000.

6.4 Ní thugann an Ceadúnas seo ceart eisiach don Cheadúnaí chun doiciméad a athúsáid.

6.5 Ní aistríonn an Ceadúnas seo aon chearta maoine chuig an gCeadúnaí, agus admhaíonn an Ceadúnaí nach bhfaighidh sé nó sí aon cheart, teideal nó leas (lena n-áirítear, gan teorainn, cóipcheart nó ceart eile de chineál cóipchirt nó aon cheart maoine intleachtúla eile) sa doiciméad.

6.6 Níl mainneachtain aon cheann amháin nó níos mó de théarmaí nó de choinníollacha an Cheadúnais seo a fhorfheidhmiú tráth ar bith nó ar feadh aon tréimhse le forléiriú mar tharscaoileadh orthu nó ar aon cheart tráth ar bith chun téarmaí agus coinníollacha uile an Cheadúnais seo a fhorfheidhmiú.

6.7 Admhaíonn an Ceadúnaí go bhféadfadh earráidí a bheith i ndoiciméad a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo.

6.8 Ní bheidh an Ceadúnóir, i dtaca leis an úsáid as doiciméad a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo, faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais de chineál ar bith, lena n-áirítear aon chaillteanas indíreach nó iarmhartach ar bith, cibé slí a tharlaíonn sé don Cheadúnaí, ach gan a bheith teoranta dó sin, ná i leith aon dliteanais de chuid an Cheadúnaí d'aon tríú páirtí.

7. Foirceannadh
7.1 Féadfaidh an Ceadúnóir an Ceadúnas seo a fhoirceannadh láithreach tráth ar bith trí fhógra a sheachadadh ar an gCeadúnaí nó trí fhógra poiblí a fhoilsiú más rud é:
(1)  go ndearna an Ceadúnaí  sárú doleigheasta ar an gCeadúnas seo; nó
(2)  gur mhainnigh an Ceadúnaí, i dtuairim an Cheadúnóra, sárú inleigheasta ar na téarmaí seo a leigheas laistigh de 14 lá tar éis fógra a thabhairt dó nó di déanamh amhlaidh.

8. Slánaíocht
8.1 Aontaíonn an Ceadúnaí an Ceadúnóir a choinneáil slánaithe go hiomlán in aghaidh gach éilimh, dliteanais, damáiste, costais agus caiteachais, lena n-áirítear caiteachais dlí, a eascróidh as aon sárú ar an gCeadúnas seo.

9. Athrú
9.1 Féadfaidh an Ceadúnóir an Ceadúnas seo a athrú ó am go ham gan fógra a thabhairt.  Aontaíonn an Ceadúnaí a bheith faoi cheangal ag an leagan is déanaí den Cheadúnas a fhoilseofar; féadfar cóip de a fháil ar http://www.oireachtas.ie/parliament/ga/eolas/coipcheartagusathusaid/.

10. Dlí Rialaithe
10.1 Déantar an Ceadúnas seo faoi dhlíthe na hÉireann agus tá sé faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.

Barr
Roinn