Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais

CEADÚNAS FHAISNÉIS NA hEARNÁLA POIBLÍ (SONRAÍ OSCAILTE) DE CHUID AN OIREACHTAIS:

Ceadúnas lena gcuimsítear Ceadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 le haghaidh Faisnéis Earnála Poiblí a athúsáid de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid),  2005 go 2015 (Ionstraimí Reachtúla Uimh. 279 de 2005, 103 de 2008 agus 525 de 2015)

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:  

A. Leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2003/98/CE arna leasú le Treoir 2013/37/AE na doiciméid (de réir mar a shainmhínítear an téarma “doiciméad” sna Treoracha sin) a bhfuil feidhm ag Treoir 2003/98/CE arna leasú ina leith, agus tá doiciméid éagsúla den chineál sin á sealbhú ag na comhlachtaí earnála poiblí seo a leanas nó ag ceann amháin nó níos mó díobh:
(1)  Tithe an Oireachtais nó ceann amháin nó ceachtar díobh;
(2)  Coimisiún Thithe an Oireachtais;
(3)  Seirbhís Thithe an Oireachtais

B. Mar áis tagartha amháin, agus gan cur síos uileghabhálach a sholáthar nó gan na Treoracha nó na Rialacháin a theorannú ar aon slí, tá na nithe seo a leanas ina samplaí de na doiciméid nach bhfuil feidhm ag na  Treoracha agus ag na Rialacháin ina leith:
(1)  Doiciméid nó codanna de dhoiciméid a bhfuil teorainn ann lena n-athúsáid chun éifeacht a thabhairt don teidlíocht atá ag duine chun go gcosnófar a shonraí nó a sonraí pearsanta;
(2)  Doiciméid nó codanna de dhoiciméid arb ionann iad agus “taifid dhíolmhaithe” chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014;
(3)  Codanna de dhoiciméid nach bhfuil ach lógónna, suaitheantais agus ionchomharthaí iontu, amhail cláirseach oifigiúil na hÉireann agus suaitheantais eile de chuid an Stáit;
(4)  Doiciméid nó codanna de dhoiciméid atá á sealbhú ag comhlacht earnála poiblí chun sainchúram craolacháin earnála poiblí a chomhlíonadh;
(5)  Na cearta atá ag tríú daoine nach bhfuil údarás ag an gCeadúnóir iad a cheadúnú;
(6) Faisnéis atá faoi réir cearta eile maoine intleachtúla, lena n-áirítear paitinní, trádmharcanna agus cearta dearaidh.

COMHAONTAÍONN AN CEADÚNÓIR AGUS AN CEADÚNAÍ MAR SEO A LEANAS:

1. Léiriú
1.1. Tá an bhrí seo a leanas leis na focail agus leis na frásaí a úsáidtear sa Cheadúnas seo:

“Imeachtaí Craolta”:  Aon taifeadadh fuaime, físe, nó fuaime agus físe araon, ar imeachtaí ceachtar Teach den Oireachtas nó ar imeachtaí an dá Theach, nó ar imeachtaí coiste de chuid ceann amháin de na Tithe nó an dá cheann díobh, i gcás go bhfuil an taifeadadh sin faoi réir Bhuan-Ordú 139 ón Dáil, Bhuan-Ordú 97 ón Seanad nó aon leasaithe ar cheachtar de na Buan-Orduithe sin nó ar an dá cheann díobh nó aon ní arna chur in ionad ceachtar de na Buan-Orduithe sin nó an dá cheann díobh, lena n-áirítear aon atáirgeadh  ar an taifeadadh nó ar aon sliocht as (is cuma cé acu is íomhá ghluaisteach é nó nach ea nó cé acu a úsáidtear é chun  íomhá ghluaisteach a chruthú nó nach n-úsáidtear);

“Treoracha”:  Treoir 2003/98/CE agus Treoir 2013/37/AE;

“Téarmaí Eile”:  Téarmaí an Cheadúnais seo ar cuid den Cheadúnas seo iad ar shlí eile seachas mar gheall ar Mhír 3.1;

“Réamhaithrisí”: An Ceadúnas seo idir an téarma “De bharr an méid seo a leanas” agus an téarma “agus cearta dearaidh” ag deireadh Réamhaithris B, agus an dá théarma sin san áireamh;

 “Rialacháin”: Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005) arna leasú  le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) (Leasú), 2008 (I.R. Uimh. 103 de 2008), agus le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) (Leasú), 2015 (I.R. Uimh. 525 de 2015):

agus tá leis an téarma “Ceadúnaí” an bhrí chéanna atá le  “Tú” i gCeadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0

1.2. Tá sé i gceist nach mór an Ceadúnas seo agus Ceadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 mar atá cuimsithe sa Cheadúnas seo a fhorléiriú ar aon dul lena chéile agus leis na Treoracha agus leis na Rialacháin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an méid seo a leanas ach amháin i gcás go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:
(1)  Má úsáidtear focal nó frása i gCeadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 agus sna Téarmaí Eile araon, tá leis an bhfocal nó leis an bhfrása sin sna Téarmaí Eile an bhrí chéanna atá leis i gCeadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0;  
(2)  Más amhlaidh, ar thaobh amháin, go n-úsáidtear focal nó frása i gCeadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 agus sna Téarmaí Eile araon agus gurb amhlaidh, ar an taobh eile, go n-úsáidtear an focal nó an frása sna Treoracha nó sna Rialacháin nó sa dá cheann díobh, tá leis an bhfocal nó leis an bhfrása sin i gCeadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 agus sna Téarmaí Eile an bhrí chéanna atá leis sna Treoracha nó sna Rialacháin nó sa dá cheann díobh; agus  
(3)  Más amhlaidh go dtagann aon neamhréireacht nó aon easaontas chun cinn idir na Treoracha, na Rialacháin, Ceadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 agus na Téarmaí Eile, tá sé i gceist go mbeidh feidhm leo san ord tosaíochta seo a leanas:  
(a)  na Treoracha;
(b)  na Rialacháin;
(c)  Ceadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0; agus
(d)  na Téarmaí Eile.

1.3. Sna Téarmaí Eile:  
(1)  Déanfar aon tagairt d’aon reacht nó d’aon fhoráil reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don reacht nó don fhoráil reachtúil sin de réir mar a dhéanfar é/í a leasú, a athrú, a leathnú nó a athachtú, nó de réir mar a chuirfear reacht nó foráil eile ina (h)ionad, ó am go chéile (roimh chruthú an Cheadúnais seo agus ina dhiaidh araon), agus áireofar léi gach fo-reachtaíocht a dhéanfar faoin reacht nó faoin bhforáil ó am go chéile; agus  
(2)  Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, áireofar an uimhir iolra le focail atá san uimhir uatha, agus vice versa, agus áireofar gach inscne eile le focail lena ngabhann aon inscne ar leith.  

2. Doiciméid a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo
2.1 Ní chumhdaítear leis an gCeadúnas seo ach doiciméad (mar a shainmhínítear sna Treoracha agus sna Rialacháin) a bhfuil feidhm ag na Treoracha agus ag na Rialacháin ina leith, fad nach ndéantar an doiciméad sin a eisiamh le téarmaí an Cheadúnais seo.

2.2 Ní chumhdaítear leis an gCeadúnas seo doiciméid arb ionann iad agus Imeachtaí Craolta mar a shainmhínítear i Mír 1.1 (lena n-áirítear eisiúint na nImeachtaí sin ar an Idirlíon tríd an nGréasán Domhanda, ach gan a bheith teoranta dó sin).  

3. Cead chun Doiciméid a athúsáid agus na Coinníollacha is infheidhme.
3.1 Is ionann na téarmaí ar a bhféadfaidh an Ceadúnaí doiciméid a chumhdaítear leis an gCeadúnas seo a athúsáid agus na téarmaí sin atá leagtha amach i gCeadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 ag http://creativecommons.org/lic enses/by/4.0/legalcode. Caithfear le téarmaí Cheadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 amhail is dá mbeidís scríofa amach ina n-iomláine mar chuid den Cheadúnas seo, agus is cuid den chonradh a bhunaítear leis an gCeadúnas seo iad na téarmaí sin uile.

3.2 Gan teorannú a dhéanamh ar aon cheann eile de dhualgais an Cheadúnaí faoi Alt 3(a)(1)(A) de Cheadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0, ní mór don Cheadúnaí:
(1)  Tithe an Oireachtais nó Ceadúnóir eile a aithint mar chruthaitheoir an Ábhair Cheadúnaithe;
(2)  fógra cóipchirt na dTithe nó fógra cóipchirt Ceadúnóra eile a choinneáil;
(3)  tagairt don Cheadúnas seo (féadfar cóip de a fháil ar http://www.oireachtas.ie/parliament/ga/eolas/coipcheartagusathusaid/) a choinneáil mar an fógra atá i gceist le hAlt 3(a)(1)(A)(iii) a thagraíonn do Cheadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0; agus
(4)  aon fhógra a sholáthraíonn na Tithe nó Ceadúnóir eile leis an Ábhar Ceadúnaithe a thagraíonn do shéanadh barántaí, mar atá i gceist le Alt 3(a)(1)(A)(iii) de Cheadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0.

4. Ginearálta
4.1 I gcás inar gá don Cheadúnaí tagairt a dhéanamh don Cheadúnas seo, mar shampla, de réir Alt 3.2(3), féadfaidh an Cheadúnaí tagairt a dhéanamh don Cheadúnas mar “Ceadúnas (Faisnéis na hEarnála Poiblí – Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais”.

4.2 Tá na Réamhaithrisí a ghabhann leis an gCeadúnas seo corpraithe sa Cheadúnas seo agus is cuid dá théarmaí iad.

4.3 Maidir leis an gCeadúnaí, tar éis dó nó di leas a bhaint as an gCeadúnas seo i leith doiciméid a chumhdaítear leis an gCeadúnas, déileálfar leis nó léi, gan aon fhoirmiúlacht bhreise, mar dhuine a rinne iarratas de bhun Rialachán 5 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005) arna leasú, chun an doiciméad sin a scaoileadh lena athúsáid agus measfar gur ceadaíodh an t-iarratas sin.

4.4 Ní choisceann aon ní sa Cheadúnas seo ​​ar an gCeadúnóir:
(1)  liosta de na ceadúnais uile a dheonaítear faoi na Rialacháin mar aon le sonraí faoi na ceadúnaithe agus na doiciméid arna gceadúnú amhlaidh a fhoilsiú;
(2)  doiciméad a athúsáid go dleathach faoin Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000.

4.5 Ní aistríonn an Ceadúnas seo aon chearta maoine chuig an gCeadúnaí, agus admhaíonn an Ceadúnaí nach bhfaighidh sé nó sí aon cheart, teideal nó leas (lena n-áirítear, gan teorainn, cóipcheart nó ceart eile de chineál cóipchirt nó aon cheart maoine intleachtúla eile) sa doiciméad.

4.6 Níl mainneachtain aon cheann amháin nó níos mó de théarmaí nó de choinníollacha an Cheadúnais seo a fhorfheidhmiú tráth ar bith nó ar feadh aon tréimhse le forléiriú mar tharscaoileadh orthu nó ar aon cheart tráth ar bith chun téarmaí agus coinníollacha uile an Cheadúnais seo a fhorfheidhmiú.

4.7 Tá an Ceadúnas seo faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.

 

Barr
Roinn