Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fiosrúcháin pharlaiminte

Thug Tithe an Oireachtais faoi roinnt fiosrúcháin pharlaiminteacha ó bunaíodh an Stát. Leagadh na tuarascálacha maidir leis na fiosrúcháin pharlaiminteacha seo faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Gheobhaidh tú naisc chuig na tuarascálacha maidir leis na fiosrúcháin pharlaiminteacha ar an leathanach seo. Tá cuid de na comhaid sin an-mhór agus d'fhéadfadh an íoslódáil a bheith mall dá thairbhe. Is é is cúis leis sin ná gur scanadh ardtaifigh (atá ar chaighdeán cartlainne) iad ar na doiciméid bhunaidh a leagadh os comhair Thithe an Oireachtais.

Fiosrúchán baincéireachta

An Comhchoiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta

Bunaíodh an Comhchoiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta i mí na Samhna 2014 chun na cúiseanna a raibh géarchéim chórasach bhaincéireachta in Éirinn a fhiosrú. Chuir an Coiste a thuarascáil deiridh i gcló an 27 Eanáir 2016. Tá eolas iomlán, lena n-áirítear an tuarascáil deiridh, ar fáil ar shuíomh gréasáin na gcartlann.

Fiosrúchán Mhainistir Leathrátha

An Binse Fiosrúcháin i ndáil leis na Fíorais agus na hImthosca a Ghabh le Lámhach Marfach John Carthy i Mainistir Leathrátha, Contae an Longfoirt an 20 Aibreán, 2000

Mharaigh na Gardaí an tUasal John Carthy sa Tamhnaigh Mhór, Mainistir Leathrátha, Contae an Longfoirt, an 20 Aibreán 2000. Chuir an tAire Dlí agus Cirt tuarascáil Choimisinéir na nGardaí ar an ábhar faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Cuireadh an tuarascáil ar aghaidh chuig an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart, Comhionannas, Cosaint agus Cearta na mBan ina dhiaidh sin. Rinne an Comhchoiste an t-ábhar a bhreithniú ar dtús agus, ina dhiaidh sin, ordaíodh go ndéanfadh fochoiste fiosrúchán parlaiminteach. Chuir an binse a thuarascáil i gcló in 2006.

Fiosrúchán maidir le Lár-Rialú Tráchta Mionscála

Fiosrúchán Parlaiminteach maidir leis an Tionscadal Comharthaíochta Lár-Rialú Tráchta Mionscála de chuid Iarnród Éireann

Rinne Comhchoiste an Oireachtais um Fhiontair Phoiblí agus Iompar an t-ábhar a bhreithniú ar dtús agus, ina dhiaidh sin, ordaíodh go ndéanfadh fochoiste fiosrúchán parlaiminteach. Tar éis bhreithiúnas na hArd-Chúirte i gcás an fhiosrúcháin pharlaimintigh maidir leis an Teagmhas i Mainistir Leathrátha, chuir an fochoiste a chuid éisteachtaí ar atráth an 27 Samhain 2001.

Fiosrúchán faoi Cháin Choinneála ar Ús Taisce

Imscrúdú maidir le Riaradh Cánach Coinneála ar Ús Taisce agus Nithe Gaolmhara le linn na tréimhse 1 Eanáir, 1986 go 1 Nollaig, 1998

D'iarr Dáil Éireann ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (an 17 Nollaig 1998) scrúdú agus imscrúdú a dhéanamh ar mheasúnú agus ar bhailiú cánach coinneála ar ús taisce (DIRT) ag forais airgeadais agus ag na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear aon úsáid as cuntais neamhchónaitheacha bhréige sa tréimhse 1 Eanáir 1986 go 1 Nollaig 1998, agus ar nithe gaolmhara.

Foilsíodh tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 19 Iúil 1999. D'fhoilsigh an Coiste um Chuntais Phoiblí scrúdú ar thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 3 Aibreán 2001.

Fiosrúchán maidir le ceapacháin bhreithiúnacha

Fochoiste den Roghchoiste um Reachtaíocht agus Slándáil

Bhunaigh an Roghchoiste um Reachtaíocht agus Slándáil fochoiste an 15 Nollaig 1994 chun fiosrú a dhéanamh ar na himeachtaí a tharla idir an 11 agus 15 Samhain 1994. Tháinig an fochoiste le chéile naoi n-uaire i mí Eanáir agus i mí Feabhra 1995 agus thug sé tuairisc do Dháil Éireann an 28 Feabhra 1995.

Fiosrúchán maidir le Géarchéim na nArm

Fiosrúchán maidir le caiteachas le haghaidh faoisimh do Thuaisceart Éireann, 1971-1972

D'ordaigh Dáil Éireann an 1 Nollaig 1970 gur cheart don Choiste um Chuntais Phoiblí scrúdú speisialta a dhéanamh ar chaiteachas an deontais i gcabhair le haghaidh faoisimh do Thuaisceart Éireann a eisíodh ó Fhotheideal J, Vóta 16 (Costais Ilghnéitheacha) do 1969-1970 agus aon airgead a d'aistrigh Cumann Croise Deirge na hÉireann chuig cuntas bainc inar taisceadh airgead ón Vóta seo nó a bhféadfadh airgead ón Vóta seo a bheith taiscthe ann. Chuir an Coiste a thuarascáil i gcló i mí Lúnasa 1972.

Fiosrúchán maidir le cearta mianadóireachta

Roghchoiste na Dála ar Fhorléasadh Chearta Mianadóireachta Áirithe an Stáit 1935-1936

Ar an 25 Meitheamh 1935, d’ordaigh Dáil Éireann go mbunófaí roghchoiste chun imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí a rinne an tAire P. McGilligan faoi fhorléasadh chearta mianadóireachta an stáit i gCo. Chill Mhantáin agus ar dheonú léasanna, ón Aire Tionscail agus Tráchtála, do bheirt chomhaltaí eile den Oireachtas tráth a raibh páirtithe eile ag moladh forléasadh a lorg ar na cearta céanna ar théarmaí a bheadh níos buntáistí don stát.

Cartlann

Cartlann ar líne de thuarascálacha coistí (1922–2007)

Tá roinnt de na tuarascálacha a thuasluaite ar fáil i bhformáid téacs i gcartlann ar líne.

Barr
Roinn