Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Creidiúnú agus saoráidí

Creidiúnú na meán d’iriseoirí

Ba chóir do lucht na meán ar mian leo freastal ar chruinnithe de Choistí an Oireachtais nó ar imeachtaí meán an Oireachtais teagmháil a dhéanamh le hOifig Preasa Thithe an Oireachtais sula sroicheann siad Teach Laighean.

Ba chóir do lucht na meán ar mian leo freastal ar shuíonna iomlánacha de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann teagmháil a dhéanamh leis an bPreas-Áiléar (sonraí thíos) roimh ré chun creidiúnú a shocrú.

Príomhtheagmhálacha

 

Preasoifigeach agus oifigeach caidrimh phoiblí

Verona Ní Bhroinn
+353 (0) 1 618 3881
+353 (0) 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie

Preasoifig an Oireachtais

+353 (0) 1 618 3166
+353 (0) 1 618 3066
pressoffice@oireachtas.ie

Preasoifigeach

Robert Kennedy-Cochrane

+353 (0) 1 618 4149

+353 (0) 85 870 7436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

Preasoifigeach
Áine McMahon

+353 (0) 1 618 3437
aine.mcmahon@oireachtas.ie

Preasoifigeach
Garret Farrell

garret.farrell@oireachtas.ie

Preasoifigeach
Stephen Higgins

stephen.higgins@oireachtas.ie

An Preas-Áiléar*
Gavan Reilly
+353 (0) 87 924 9543
gavan.reilly@tv3.ie

 

Sorcha Ní Riada
+353 (0) 87 231 3908
niriads@rte.ie

* Eagraíonn an Preas-Áiléar rochtain ar Theach Laighean, agus ar shuíonna de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann, thar ceann iriseoirí as Éirinn agus an domhan ar fad. Déanann sé teagmháil le húdaráis an Oireachtais freisin, thar ceann na meán, mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann le saoráidí agus rochtain na meán. Iriseoirí creidiúnaithe atá air agus tá sé go hiomlán neamhspleách ar an Oireachtas féin.

Eolas ginearálta

  • Ba chóir do lucht na meán dul go dtí an Oifig Fáilte ag Geata Shráid Chill Dara, áit a n-iarrfar ort (a) do phas rochtana a fháil ag an Oifig Fiosrúcháin nó (b) dul go díreach chuig TL2000, áit a bhfuil seomraí cruinnithe na gCoistí lonnaithe. B’fhéidir go mbeidh ort aitheantas fótagrafach a thaispeáint chun rochtain a fháil.
  • Cuirtear sraith suíochán in áirithe le haghaidh na meán i ngach seomra cruinnithe Coiste. Tá siad ar fáil ar bhonn tús áite don té is túisce.
  • Ní mór gutháin a mhúchadh nuair atáthar ag freastal ar chruinniú Coiste nó ar shuí iomlánach.
  • Maidir leis na seomraí Coiste, ní ceadmhach do chuairteoirí dul anonn go hurlár an Choiste ó áiléar na gcuairteoirí agus ní ceadmhach dóibh cur isteach ar pháipéir na gComhaltaí den Oireachtas.
  • Féadtar féachaint ar chraoltaí beo ar chruinnithe de Dháil Éireann, de Sheanad Éireann agus de Choistí poiblí ar líne.
  • Níl imeachtaí meán tráchtála nó imeachtaí a thabharfadh gnóchan airgeadaíochta nó buntáiste cur chun cinn d’aon ghnólacht, chuideachta, ghrúpa nó duine aonair ceadaithe.
  • Tá na hUiséirí Parlaiminte ar fáil i gcónaí chun cuidiú le cuairteoirí agus le lucht na meán má bhíonn ceisteanna ar bith acu. Féadfaidh siad treoracha a thabhairt duit freisin fad a bhíonn tú i dTeach Laighean agus bítear ag súil go gcomhlíonfaí na treoracha sin agus go nglacfaí leo roimh ré.

Agallaimh á socrú ag Teach Laighean

Is féidir agallaimh le Comhaltaí i dTeach Laighean a shocrú le comhaontú na gComhaltaí. I gcás go dtoilíonn Comhalta (nó grúpa Comhaltaí) agallamh a dhéanamh, ní mór socruithe an agallaimh a sheoladh i ríomhphost chuig an Deasc Imeachtaí. Ní cheadaítear agallaimh ar an toirt ná agallaimh “éirí bealaigh”.

Is féidir leis an gComhalta, le baill foirne phreas an pháirtí, le cúntóirí rúnaíochta, nó leis an iriseoir creidiúnaithe, fógra faoin agallamh a thabhairt. Eagróidh an Deasc Imeachtaí ceadanna rochtana (más gá), chomh maith le háirithintí maidir le suíomhanna agallaimh. I gcás ceannairí páirtí, féadtar agallaimh agus taifeadadh a dhéanamh in oifig cheannaire an pháirtí.

Is éard atá san fhormáid agallaimh ná criú ceamara agus iriseoir a chuireann agallamh ar an gComhalta. Níl cead ag iriseoirí “píosaí chuig ceamara” a dhéanamh seachas ag deireadh an agallaimh. Sna cásanna sin, níor chóir go mbeadh an “píosa chuig ceamara” níos faide ná 30 soicind.

Ní féidir agallaimh a dhéanamh ach i suíomhanna áirithe laistigh de Theach Laighean. Déan teagmháil le hOifig Preasa an Oireachtais i gcomhair comhairle agus eolais.

Féach ar ár liosta de shuíomhanna ina gceadaítear agallamh..

Seisiúin eolais do na meáin

Is féidir seisiúin eolais na gCoistí Oireachtais a reáchtáil sa Seomra Closamhairc nó sa seomra comhdhála i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann.

Féadtar seisiúin eolais na bpáirtithe polaitíochta do na meáin a chur ar siúl sa Seomra Closamhairc. Tá feidhm ag rialacha an Tí maidir le seisiúin eolais do na meáin ó thaobh taispeántas suaitheantas polaitíochta de. Ba chóir socruithe rochtana agus áirithinte seomra a dhéanamh tríd an Deasc Imeachtaí.

Gairmeacha grianghraf agus scannánaíocht

Ceadaítear gairmeacha grianghraf i dTeach Laighean sna suíomhanna seo a leanas amháin:

  • An Plionta i gClós Chill Dara
  • An Seomra Closamhairc
  • Faoin bPóirseáid ag TL2000
  • An bealach isteach poiblí ar an mbunurlár chuig Áiléar na Dála.

De ghnáth, is gá toiliú a fháil ón gCoiste ar Phribhléidí Parlaiminteacha agus Maoirseacht chun scannánaíocht agus grianghrafadóireacht a dhéanamh laistigh de Theach Laighean (seachas gairmeacha grianghraf mar a leagtar amach thuas). I gcás go n-iarrtar scannánaíocht a dhéanamh ar sheomraí folmha chun críocha stairiúla nó le haghaidh clár faisnéise, déan teagmháil le hOifig Preasa an Oireachtais

Barr
Roinn