Má bhaineann tú leis na meáin eachtracha, léigh ár dtreoir achomair faoi pharlaimint Phoblacht na hÉireann.

Tá tuilleadh faisnéis chúlra le fáil inár rannán, An chaoi a n-oibríonn an Pharlaimint.

An tOireachtas

  • Daonlathas ionadaíoch parlaiminteach atá i bPoblacht na hÉireann.
  • Dílsítear cumhacht reachtach san Oireachtas, a chuimsíonn Uachtarán na hÉireann agus dhá Theach an Oireachtais: Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
  • Is é an Rialtas a fheidhmíonn cumhacht feidhmiúcháin. Tá an Rialtas faoi stiúir ag an Taoiseach (an Príomh-Aire). Is é nó í an Tánaiste (An Leas-Phríomh-Aire) duine ionaid an Taoisigh.
  • Ainmníonn an Taoiseach na Comhaltaí den Chomh-Aireacht. Ceadaíonn an Dáil na hainmniúcháin sin agus ceapann an tUachtarán iad. 

Feic Faisnéis do Shaoránaigh, citizensinformation.ie, chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Bhunreacht na hÉireann agus faoin rialtas náisiúnta agus rialtas áitiúil.

Dáil Éireann agus Seanad Éireann

  • Is í Dáil Éireann príomhsheomra an Oireachtais. Tá 158 Comhalta sa Dáil. Is é “Teachta Dála” (ar a dtugtar TD freisin) an teideal oifigiúil Gaeilge atá ar Chomhalta.
  • De réir dlí, ní mór Olltoghchán chuig Dáil Éireann a reáchtáil gach cúig bliana ar a laghad.
  • Tugtar an Ceann Comhairle ar Chathaoirleach na Dála. Is é nó í an Leas-Cheann Comhairle duine ionaid Chathaoirleach na Dála.
  • Is é an Seanad Teach Uachtarach an Oireachtais agus tá 60 Seanadóir ann. Tugtar an Cathaoirleach ar chathaoirleach an tSeanaid. Is é nó í an Leas-Chathaoirleach duine ionaid Chathaoirleach an tSeanaid.

An tUachtarán

  • Toghtar Uachtarán na hÉireann chuig téarma oifige seacht mbliana. Ní fhéadfaidh duine ar bith bheith i seilbh oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma. Is é Micheál D. Ó hUigínn an tUachtarán reatha.
  • Níl ról feidhmiúcháin ná beartais ag an Uachtarán. Feidhmíonn sé nó sí a c(h)uid cumhachtaí agus feidhmeanna foirmiúla tar éis comhairle a fháil ón Rialtas.
  • Tá sé de chumhacht ag an Uachtarán Bille a tharchur chun na Cúirte Uachtaraí chun breithiúnas a fháil uaithi maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an Bille i gcomhréir leis an mBunreacht. Féadfaidh sé nó sí comhairle a iarraidh ón gComhairle Stáit agus an Bille a tharchur chuig Cúirt Uachtarach na hÉireann chun breith a fháil ar cé acu a chloíonn nó nach gcloíonn sé leis an mBunreacht.
  • Is é Áras an Uachtaráin áit chónaithe oifigiúil an Uachtaráin. Tá sé lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Foghlaim tuilleadh faoi oifig agus ról an Uachtaráin anseo.

Coistí Parlaiminteacha

Imríonn Coistí Parlaiminteacha ról tábhachtach i ngnó an Oireachtais. Féadfaidh siad aighneachtaí a fháil agus éisteacht le fianaise ó pháirtithe agus grúpaí leasmhara; plé agus dréachtú a dhéanamh ar thograí le haghaidh athrú reachtach; miontuairiscí fianaise agus doiciméid ghaolmhara a phriontáil agus a fhoilsiú; agus ceangal a chur ar Airí dul os a gcomhair chun beartais reatha agus tograí reachtaíochta a phlé.

Tá ceithre chineál coiste ann:

  • Buanchoiste
  • Comhchoiste
  • Roghchoiste
  • Coiste Speisialta (neamhchoitianta) 

Toghcheantair

  • Faoi láthair, tá 40 toghcheantar i bPoblacht na hÉireann.
  • Is trí bhallóid rúnda atá bunaithe ar phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire i dtoghcheantair a bhfuil roinnt suíochán acu a reáchtáiltear an vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta, i dtoghcháin Dála agus i dtoghcháin Eorpacha. Tá aonvóta inaistrithe ag gach vótálaí. Tá Éire ina toghcheantar amháin chun críche toghchán Uachtaránachta.
  • Baintear úsáid as an gcóras ionadaíochta cionmhaire agus as an aonvóta inaistrithe i dtoghcháin an tSeanaid freisin. Ainmníonn an Taoiseach 11 Seanadóir. Toghann ollscoileanna náisiúnta áirithe seisear eile.
  • Is as rollaí gairme iarrthóirí a thoghtar an 43 Seanadóir atá fágtha. Ar na toghthóirí sna rollaí sin tá comhaltaí den Seanad atá ag dul as oifig, na Teachtaí Dála de chuid na Dála nuathofa agus comhaltaí tofa na gcomhairlí contae ar fud an Stáit.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi olltoghcháin agus faoi chóras toghcháin na hÉireann, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.