Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Riar Oibre na Dála lena eisiúint go digiteach ar shuíomh gréasáin nua Ghnó na Dála

22 Nov 2021, 12.00

Graphic with text "Dáil Business Coming soon"

Tá suíomh gréasáin nua ar a dtugtar Gnó na Dála seolta mar an spriocfhoinse le haghaidh na míreanna gnó go léir atá faoi bhráid Dháil Éireann. Ó mhí Eanáir 2022 ar aghaidh, ní fhoilseofar Riar na hOibre ná Riar na hOibre forlíontach mar PDF.

Le suíomh gréasáin Ghnó na Dála, tugtar rochtain 24/7 ar an sceideal suí. Ligtear duit leis míreanna gnó a chuardach, iad a phionnáil agus iad a dháileadh go héasca ar na meáin shóisialta. Is féidir leat rochtain a fháil ar Ghnó na Dála ar gach gléas agus is féidir leat PDF inchlóite a ghiniúint fiú.

Is féidir an suíomh gréasáin a úsáid le faisnéis a aimsiú a bhaineann leis an tseachtain reatha, lena n-áirítear:

  • Sceideal an ghnó
  • Billí atá sceidealaithe i gcomhair plé agus iad siúd ar cuireadh ar aghaidh chuig Seanad Éireann iad
  • Rúin atá sceidealaithe i gcomhair plé
  • Ráitis atá sceidealaithe lena ndéanamh
  • Teachtaireachtaí airgeadais ón Rialtas a bhaineann le caiteachas molta i mBillí agus i Meastacháin

Is ionann suíomh gréasáin Ghnó na Dála agus cloch mhíle shuntasach ar aistear an Chlaochlaithe Dhigitigh againn. Is é an fhís atá againn i dtaca leis an gClaochlú Digiteach, go gcuirfear rochtain éasca oscailte ar an Oireachtas ar fáil don uile dhuine, agus go n-éascófar an claochlú seo le réitigh chomhtháite iomasacha chomhoibríocha dhigiteacha.

Barr
Roinn