Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teach Laighean le hoscailt don phobal le haghaidh an cheiliúrtha “Filleadh ar an Teach”

1 Nov 2019, 12.01

Tá ticéid le haghaidh “Filleadh ar an Teach” – na turais ar Theach Laighean –  ar fáil ó Eventbrite. Tá cead isteach saor in aisce, ach caithfear ticéid a chur in áirithe roimh ré.

Cuirfear turais ar Theach Laighean ar siúl gach 15 nóiméad ó 10:00 a.m. go 4:45 p.m. ar an dá lá.

Beidh deis ag aíonna, arís eile, aisteoirí a fheiceáil agus iad ag tabhairt óráidí ó phearsana stairiúla, sult a bhaint as taispeántas d’íomhanna sárcháiliúla ón gcéad bliain seo a chuaigh thart, foghlaim faoi rogha nithe spéisiula a fuarthas le linn na n-oibreacha a théann siar chuig an seachtú haois déag agus na nithe sin a fheiceáil, chomh maith le sult a bhaint as siamsaíocht speisialta ar an lá.

Chun ticéid a chur in áirithe téigh chuig www.oireachtas.ie/returntothehouse.

Barr
Roinn