Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá taifid nua digitithe Dháil Éireann ar fáil don phobal anois

22 Apr 2020, 11.20

Tá bailiúchán nua de dhoiciméid ó thréimhse réabhlóideach na hÉireann (1918-1923) ar fáil ar líne anois tar éis tionscadal digitithe comhoibritheach idir Tithe an Oireachtais agus an Chartlann Náisiúnta.

Tá os cionn 1,100 taifead (66,000 leathanach aonair) i gceist agus tá siad rangaithe ina dhá fhobhailiúchán ar a dtugtar DE/2 agus DE/4 – taifid de chuid Rúnaíocht Dháil Éireann atá sa chéad cheann agus páipéir sheisiúin agus imeachtaí na Chéad Dála agus an Dara Dáil atá sa dara ceann*.

Chuir an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, fáilte roimh an tionscnamh ag rá, “Le foilsiú na ndoiciméad seo bíonn deis ag scoláirí agus ag baill an phobail araon féachaint laistigh d’oibriú riarachán parlaiminteach tosaigh na hÉireann, lena fháil amach agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar oibrigh ár sinsir chun daonlathas feidhmiúil a thógáil. Tá an-áthas orm go rabhamar in ann na taifid seo a thabhairt isteach san fhearann poiblí mar chuid dár gclár rannpháirtíochta poiblí, go háirithe sa tréimhse chrua seo.”

D’fháiltigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh an bhfoilsiú freisin. “Meabhrúchán iontach is ea foilsiú na dtaifead seo ar líne den chéad uair sna blianta seo ina ndéanaimid an comóradh céad bliain maidir leis an tiomantas agus an obair chrua a rinneadh chun an tír a bhfuilimid bródúil aisti inniu a chruthú.” Léirigh an tAire freisin ómós d’obair na ndaoine sin a bhí páirteach sa tionscadal seo, sa Chartlann Náisiúnta agus i dTithe an Oireachtais, agus deir sé gur “samhail de chomhoibriú feadh na seirbhíse poiblí” a bhí sa tionscadal seo.”  

Deir Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride, “Tá an-áthas orm go gceadóidh an iarracht chomhoibritheach seo idir Tithe an Oireachtais agus an Chartlann Náisiúnta an rochtain phoiblí is leithne agus is féidir ar na foinsí cartlainne digitithe seo ina nochtar an oiread sin faoi chéad bhlianta Stát na hÉireann agus ba mhaith liom an méid a chuir Taisclann Dhigiteach na hÉireann leis an tionscadal trí óstáil mar chuid dá taisce shaibhir d’ábhar taighde.”

Tugadh faoin tionscadal digitithe mar chuid de chomóradh céad bliain Dháil Éireann 2019. Léigh tuilleadh faoi bhailiúcháin DE/2 agus DE/4 ar shuíomh gréasáin dail100.ie.

Cé go raibh na doiciméid fhisiciúla ar fáil do scoláirí le tamall sa Chartlann Náisiúnta, tugann an tionscadal caomhnaithe agus digitithe seo isteach san fhearann poiblí iad den chéad uair trí Thaisclann Dhigiteach na hÉireann, áit a bhfuil siad iomlán inrochtana d’acadóirí agus don tsochaí shibhialta. Deir Gabriel Doherty, Léachtóir sa Stair ag UCC go dtugann “na taifid uathúla seo léargas iomlán nach mór dúinn ar ghné shibhialta den streachailt réabhlóideach, ach ar scála sách beag le go mbeidh sé intuigthe agus ‘daonna’. Is ionann iad agus an bailiúchán aonair is mó de dhoiciméid a bhaineann le taobh sibhialta de streachailt neamhspleáchais  na hÉireann , dá bhrí sin ag oscailt staidéar acadúil na gné seo don phobal ar bhealach cosúil lena bhfuil déanta ag bailiúcháin Bhiúró na Staire Míleata agus Iarratais Phinsin IRA don taobh míleata.”

Buíochas speisialta don Dr Kathryn Cassidy ó Thaisclann Dhigiteach na hÉireann as a cúnamh teicniúil ar an tionscadal seo agus leis an Uasal Gabriel Doherty, comhairleoir stairiúil le Tithe an Oireachtais as an gcomóradh céad bliain.

 

*Tabhair faoi deara:

Is iad taifid DE/2 taifid Rúnaíocht Dháil Éireann agus bhí siad mar chuid  de ghabháltas Oifig na Stát-Pháipéar, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar aistríodh iad chuige ó Leabharlann Dháil Éireann sna 1960idí. Tá comhfhreagras bunaidh agus cóipeanna sna comhaid, go príomha idir Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Rúnaí Dháil Éireann, agus comhaltaí de chomh-aireacht Dháil Éireann, mar aon le comhaltaí den Dáil. Tá doiciméid sa 638 comhad nua a ndearnadh digitiú orthu (os cionn 22,000) a cothaíodh trí fheidhmiú an ghairis riaracháin a bunaíodh tar éis olltoghchán 1918 le tacú le gníomhaíochtaí rialtas Dháil Éireann.

Baineann taifid DE/4 le himeachtaí na Chéad Dála agus an Dara Dáil lena n-áirítear páipéir sheisiúin (i.e. tuarascálacha roinne agus coiste a cuireadh isteach le linn na gcruinnithe). Tá doiciméid sa 553 comhad nua a ndearnadh digitiú orthu (os cionn 24,000 leathanach) a bhaineann le hidirbheartaíochtaí síochána agus an Conradh; an Coiste Eolais maidir Cás Uladh [CICU] agus Boycott Bhéal Feirste; agus iarratais ar fhostaíocht.

Barr
Roinn