
Chuir baill foirne ó Aonad Cumarsáide Thithe an Oireachtais cúrsa speisialta polaitíochta a mhair ceithre seachtaine ar fáil do scoláirí ag Scoil an Teaghlaigh Naofa do Dhaoine Bodhra le déanaí.
Reáchtáil an tOifigeach Oideachais, Conor Reale, an cúrsa agus chuir ár n-ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ), Caroline O'Leary agus Ciara Grant, ateangaireacht TCÉ ar fáil. Labhair an Seanadóir Mark Daly leis na scoláirí faoin bhfeachtas atá ar bun chun aitheantas ar TCÉ a fháil.
Fiosraigh ár n-acmhainní oideachais
Foghlaim tuilleadh faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann i dTithe an Oireachtais
Íomhánna le caoinchead Scoil an Teaghlaigh Naofa do Dhaoine Bodhra