Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuireann Leabharlann an Oireachtais bailiúchán digitithe nua i láthair ag an gComhdháil Mheiriceánach ar an Léann Éireannach

3 Jun 2021, 09.27

Sonra ó leathanach tosaigh ‘The United Irishman’, nuachtán ón 19ú haois

Bhí bailiúchán digitithe nua de chóipeanna de The United Irishman de chuid Leabharlann an Oireachtais ar taispeáint ag an gComhdháil Mheiriceánach ar an Léann Éireannach inné.

Rinne Kate McCarthy, leabharlannaí na mbailiúchán speisialta, cur i láthair don chomhdháil ar bhailiúcháin dhigiteacha speisialta Leabharlann an Oireachtais le béim ar leith ar na cóipeanna de The United Irishman, an nuachtán a d’fhoilsigh Jeremiah O’Donovan Rossa i Nua-Eabhrac déanach san 19ú haois. Tá na nuachtáin mar chuid de bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath na leabharlainne.

Fiosraigh an bailiúchán i gcatalóg dhigiteach Leabharlann an Oireachtais

Faigh tuilleadh amach faoi Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais


Sonra ón gcur i láthair a rinneadh ag an gcomhdháil

Barr
Roinn