Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seolann an Ceann Comhairle Straitéis na Gaeilge, 2021 le haghaidh Sheirbhís Thithe an Oireachtais

24 Jun 2021, 11.00

Still from a video showing the Ceann Comhairle speaking outside Leinster House

Sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, Straitéis na Gaeilge, 2021, an Straitéis Ghaeilge le haghaidh Thithe an Oireachtais, inniu. Is í an aidhm atá leis an Straitéis cur leis an raon tacaí agus acmhainní Gaeilge a chuirtear ar fáil do Chomhaltaí agus d’fhoireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais agus eagraíocht dhátheangach fheidhmiúil a fhorbairt.

Cuirfidh Straitéis na Gaeilge, 2021 leis an rath a bhí ar an gcéad Straitéis a seoladh sa bhliain 2018. Beidh sí dírithe go háirithe ar chur leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa Dáil agus sa Seanad. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha Dála agus Grúpa Stiúrtha Seanaid, a mbeidh Comhaltaí páirteach iontu, faireachán ar an gcuspóir sin.

Tá sé d’aidhm leis an Straitéis nua freisin cur le líon na gcomhaltaí foirne sa tSeirbhís a bhfuil Gaeilge acu. Tacóidh Seirbhís Thithe an Oireachtais leis an earcaíocht dhátheangach agus leanfar ar aghaidh ag eagrú imeachtaí, i bpearsain agus ar líne, chun tacú leis na Comhaltaí agus leis an bhfoireann a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú, beag beann ar a leibhéal inniúlachta.

Seoladh an chéad straitéis Ghaeilge sa bhliain 2018 mar chuid den tionscnamh Bliain na Gaeilge. D’éirigh leis an Straitéis sin úsáid na Gaeilge ag Comhaltaí agus ag comhaltaí foirne a éascú agus a spreagadh trí thacaí gnó Gaeilge a sholáthar, lena n-áirítear gluaiseanna na mBillí agus an leabharlann Ghaeilge Taisce na Leabhar.

Barr
Roinn