Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá Idirnáisiúnta an Pharlaiminteachais

30 Jun 2026, 11.00

Scor an chloig i Seomra na Dála

Déantar Lá Idirnáisiúnta an Pharlaiminteachais a cheiliúradh an 30 Meitheamh gach bliain chun aitheantas a thabhairt don ról a bhíonn ag parlaimintí i neartú an daonlathais, na freagrachta agus na hionadaíochta.

Bhunaigh na Náisiúin Aontaithe Lá Idirnáisiúnta an Pharlaiminteachais sa bhliain 2018. Is deis é chun machnamh a dhéanamh ar a thábhachtaí atá ár bparlaimintí, arb iad na léirithe is bunúsaí iad ar an daonlathas ionadaíoch. Beidh Lá Idirnáisiúnta an Pharlaiminteachais ar siúl an lá sula nglacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Chun an Lá a cheiliúradh, d’eisigh an Ceann Comhairle, an Teachta Verona Murphy, comhtheachtaireacht i gcomhar le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, agus Uachtarán Theach na nIonadaithe sa Chipir, Annita Demetriou.

Dúirt an Ceann Comhairle:

Is i bparlaimintí a chloistear guthanna na saoránach, a dhéantar díospóireacht ar ábhair imní agus a chuirtear gníomh le cinntí. Ní hamháin go bhfuil sé de dhualgas orainn ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine, ach tá sé de dhualgas orainn a muinín a choimeád freisin trína chinntiú go mbaineann rialachas daonlathach fíorthorthaí amach.

Beidh Comhairle an Aontais Eorpaigh faoi uachtaránacht na Cipire go dtí an 1 Iúil. Glacfaidh Éire uachtaránacht uirthi dá éis sin. Agus Lá Idirnáisiúnta an Pharlaiminteachais á chomóradh aici, dúirt an tUachtarán Demetriou:

Agus deireadh ag teacht le hUachtaránacht na Cipire inniu, tá bród orm as an méid atá bainte amach againn le chéile agus tá lúcháir orm an cúram a fhágáil ag Éirinn, agus fios agam go neartóidh ár gcomhthiomantas don daonlathas parlaiminteach i rith an ama.

[image src="/assets/The-Cathaoirleach-the-Ceann-Comhairle-and-European-Parliament-President-Roberta-Metsola-pose-for-a-group-photograph-outside-Leinster-House.jpg" id="48340" height="480" class="center ss-htmleditorfield-file image" title=”Thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, cuairt ar Thithe an Oireachtais mar chuid de na hullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh" alt=”An Cathaoirleach, an Ceann Comhairle agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, taobh amuigh de Theach Laighean"]

Thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, cuairt ar Thithe an Oireachtais mar chuid de na hullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Labhair Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, faoi bhuanna na bparlaimintí fosta:

A bhuíochas lenár bparlaimintí, tugtar cumhacht don daonlathas, tugtar rialtais chun cuntais, cuirtear daoine i gcroílár ár bpolaitíochta agus tugtar guth do dhaoine. Braitheann sé go bhfuil an domhan mór i gceartlár na héiginnteachta agus na dothuarthachta. Mar gheall air sin, is den tábhacht é, níos mó ná riamh, ár gcomhoibriú a mhéadú chun bealaí chun cinn a aimsiú, chun naisc idirpharlaiminteacha a láidriú agus chun a chinntiú go dtéann an daonlathas chun tairbhe do dhaoine.

Is bunchuid d’fheidhmiú éifeachtach na bparlaimintí iad cearta an duine siocair go soláthraíonn siad an bunús dlíthiúil agus daonlathach chun saoirse, dínit agus rannpháirtíocht gach duine in obair na sochaí a chosaint.

Tá ról lárnach ag parlaimintí maidir le dlíthe, beartais agus maoirseacht a dhéanamh de na gealltanais sin i dtaobh chearta an duine, rud atá tábhachtach chun daoine aonair a chosaint ar idirdhealú, ar mhí-úsáid agus ar éagóir. Ach cinnte a dhéanamh de go bhfanann cearta an duine i gcroílár na cinnteoireachta sin, tá parlaimintí thar a bheith tábhachtach i rith an ama maidir leis an daonlathas a neartú, freagracht a chur chun cinn agus muinín an phobail in institiúidí a chothú.

Roinn