7 Feabh 2019, 09:00
Déanfaidh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannais plé ar thuarascáil eatramhach ina scrúdaítear Oifig Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána leis an gCoimisinéir Drew Harris Dé Céadaoin ar 9 a.m.
“Tá spéis ag an gCoiste plé a dhéanamh ar fheidhmíocht Chlár Athstiúrtha an Gharda Síochána lena dtairgtear do chiontóirí óga a adhmhaíonn drochiompar rogha rabhaidh, cúitimh agus tarchuir chuig tacaíochtaí cuí, seachas coinne i gcúirt choiriúil,” arsa Cathaoirleach an Choiste Caoimhghín Ó Caoláin TD.
“Leagtar béim sa tuarascáil eatramhach atá tugtha ag an Aonad um Chaighdeáin Ghairmiúla de chuid an Gharda Síochána ar easnaimh sa Chlár Athstiúrtha. Tá an Coiste ag tnúth leis an ní tábhachtach seo a phlé leis an gCoimisinéir Harris, arb é an tráth seo an dara huair a láithrigh sé os comhair an Choiste ó ceapadh é,” arsa an Teachta Ó Caoláin.
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews