Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil maidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí foilsithe ag an gCoiste um Dhlí agus Ceart

22 Iúil 2021, 15:27

Seoladh tuarascáil maidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), inniu, Déardaoin an 22 Iúil, ina bhfuil sraith moltaí curtha ar aghaidh ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart chuig an Aire agus chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí bunaithe ar rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara a reáchtáladh an 27 Aibreán 2021.

Nuair a cuireadh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i ngníomh sa bhliain 2018, measadh gur foráil shuntasach a bhí ann faoi chomhair cosaint sonraí agus cearta príobháideacha shaoránaigh AE a choimirciú.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Séamas Laighléis: “Cé go raibh dúshláin ag baint leis an tréimhse ar lena linn a raibh an rialachán á ‘leabú’ agus cuideachtaí agus pearsana aonair ag dul in oiriúint leis, aithníonn an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart go bhfuil sé tábhachtach seasamh leis an bhforáil seo d’fhonn cearta bunúsacha chun príobháideachta a áirithiú do shaoránaigh AE. Dá bhrí sin, tugadh tosaíocht don ábhar seo mar chuid dá Chlár Oibre don bhliain 2021.”

Dúirt an Cathaoirleach: “Chuamar i dteagmháil le páirtithe leasmhara chun dearcthaí éagsúla a chloisteáil maidir le RGCS a chur i ngníomh in Éirinn agus cuireadh ar fáil don Choiste, in aighneachtaí i scríbhinn agus le linn d’fhinnéithe fianaise a thabhairt, léargas ar roinnt réimsí i gcomhair athchóirithe, i gcásanna go bhfuil an chuma ar an scéal, ar chúiseanna éagsúla, go bhfuil ag teip ar an gcóras reatha tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do shaoránaigh ar mian leo leanúint ar aghaidh le cásanna i ndáil le sáruithe sonraí. I measc na réimsí ríthábhachtacha a d’aithin na finnéithe agus an Coiste, bhí na moilleanna ar ghearáin maidir le sáruithe sonraí a phróiseáil, an gá atá ann le soiléiriú a dhéanamh ar an dlí nós imeachta a úsáideann an Coimisiún um Chosaint Sonraí le linn dó gearáin a láimhseáil agus an gá atá ann feabhas a chur ar fhorfheidhmiú RGCS go ginearálta, agus an gá le níos mó comhaltaí foirne atá cáilithe sna réimsí iomchuí i dtaobh dlí nós imeachta agus dlí ábharthach.

Tá roinnt moltaí déanta ag an gCoiste i gcomhair na réimsí sin, agus táthar ag súil go ndéanfar breithniú cuí orthu.

Cuirfear cóip den tuarascáil seo agus de na moltaí chuig an Aire Dlí agus Cirt, agus tá an Coiste ag súil le bheith ag obair go réamhghníomach agus go táirgiúil leis an Aire agus leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna arna n-aithint maidir le RGCS a chur i ngníomh.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil, thar ceann an Choiste, leis na finnéithe ar fad a d’fhreastail ar ár n-éisteacht phoiblí chun fianaise a thabhairt, agus leo siúd a chuir aighneachtaí i scríbhinn ar aghaidh.”

Is féidir an tuarascáil iomlán ón gcoiste a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad. Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise ar Leathanach Gréasáin tiomanta an Choiste.

 

Nótaí don Eagarthóir:

Moltaí:

Rinne an Coiste na moltaí seo a leanas i ndáil leis an ábhar seo:

1.      Molann an Coiste go mbogfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ó bhéim a leagan ar threoir go béim a leagan ar fhorfheidhmiú ar bhonn práinne, agus go ndéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt cinnte de go soláthrófar pé ní is gá chun tacú leis sin. Seachas sin, tá an Coiste buartha, ní hamháin go mbeidh cearta bunúsacha pearsan aonair fós i mbaol, ach go mbeidh ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí aghaidh a thabhairt ar ghrúpa de dhaoine a dhéanann sáruithe go córasach atá anois níos misniúla agus níos diongbháilte.

 

2.      Molann an Coiste go mbainfidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí níos mó úsáide as a chumhachtaí smachtbhannaí faoi Airteagal 58(2) de RGCS, go háirithe orduithe lena gcuirtear stop le daoine a dhéanann sáruithe sonraí a phróiseáil, agus fíneálacha athchomhairleacha, chun a áirithiú go gcuirfear RGCS i ngníomh go héifeachtach, agus nach gcuirfear cosc ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh le cásanna i leith sáruithe sonraí de dheasca na gcostas ard dlíthíochta a bhíonn i gceist.

 

3.      Molann an Coiste go bhfiosróidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an féidir pacáiste bogearraí innéacsaithe a chur i bhfeidhm chun go ndéanfar a nósanna imeachta i leith láimhseáil gearán a chuíchóiriú, lena féidir breitheanna leantacha a thabhairt go tapa agus go héifeachtúil.

 

4.      Molann an Coiste go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí a nósanna imeachta agus rialacha i scríbhinn a shoiléiriú i ndiaidh éisteachtaí ilpháirtithe leasmhara le Gníomhaireachtaí eile um Chosaint Sonraí, lena n-áirítear próiseas comhairliúcháin phoiblí le páirtithe leasmhara eile in AE, ionas go bhféadfar aiseolas uathu a chur i gcuntas maidir leis na nósanna imeachta is gá a shoiléiriú tuilleadh.

 

5.      Moltar go ndéanfar athbhreithniú ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 chun a fháil amach an bhfuil gá le leasuithe reachtúla, agus chun breithniú a dhéanamh ar phróisis fhoilsithe an Choimisiúin um Chosaint Sonraí a chódú mar rialacháin.

 

6.      Molann an Coiste go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí soiléiriú a dhéanamh ar a mhínithe maidir le cásanna atá ‘curtha i gcrích’ nó ‘réitithe’, agus breithniú a dhéanamh ar théarmaí a úsáid atá cosúil leis na téarmaí a úsáidtear i nGníomhaireachtaí um Chosaint Sonraí eile in Eoraip chun míthuiscintí a sheachaint.

 

7.      Moltar go dtabharfar an Coimisiún um Chosaint Sonraí nuashonruithe don Choiste a luaithe is féidir maidir le torthaí a phróisis comhairliúcháin straitéisigh, agus maidir le haon fhaisnéis a bhaineann leis na athruithe a mholtar a dhéanamh ar a oibríocht de bharr an phróisis sin.

 

8.      Moltar go dtabharfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí soiléireacht trí na próisis chruinne a gcloíonn sé leo agus gearáin á láimhseáil aige, agus léireofar leis sin go bhfuil sé ag comhlíonadh na rialachán lena n-áirítear Airteagal 57 (1) de RGCS.

 

9.      Molann an Coiste go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí anailís ar chleachtais an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe agus an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre maidir lena bpróisis riaracháin agus ghar-bhreithiúnacha, agus go ndéanfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí breithniú i dtaobh an féidir aithris a dhéanamh ar aon cheann de na cleachtais sin chun dlús a chur lena mbreitheanna féin agus lena bpróiseas cinnteoireachta maidir le cásanna. Moltar freisin go gcuirfear i gcuntas an bhreith ón gCúirt Uachtarach, a tugadh le déanaí, i gcás Zalewski, maidir le riaradh an cheartais ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

 

10.   Molann an Coiste go gceapfaidh an tAire beirt Choimisinéirí nua, de réir fhorálacha Alt 15(1) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Molann an Coiste gur chóir go mbeadh saineolas ag duine amháin acu ar a laghad ar dhlí nós imeachta agus ar dhlí ábharthach, chun a áirithiú go bhfuil na breitheanna a thugann an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar ardchaighdeán.

 

11.   Molann an Coiste go ndéanfar breithniú ar an reachtaíocht reatha a leasú chun a cheadú d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha ionadaíocht a dhéanamh thar ceann saoránaigh aonair agus grúpaí saoránach móra chun déileáil le gearáin i dtaobh RGCS.

 

12.   Ionas nach mbeidh eagraíochtaí níos lú faoi mhíbhuntáiste agus nach mbeidh corparáidí níos mó in ann cáineadh a sheachaint trí mhodh lena gcuirtear RGCS i ngníomh ar an mbealach céanna do gach eagraíocht, molann an Coiste go nglacfar le cur chuige rangaithe, a mhéid is féidir laistigh de shrianta mháthair-rialachán AE.

 

13.   Moltar go mbeidh gach reachtaíocht a rithfear i gcomhréir le cosaintí próiseála sonraí chun iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint.

 

14.   Molann an Coiste go ndéanfar athbhreithniú chun an Coimisiún um Chosaint Sonraí a neartú agus a athchóiriú agus, mar chuid den athbhreithniú sin, ba chóir go ndéanfaí scrúdú i dtaobh an bhfuil leibhéil foirne agus leithdháileadh acmhainní iomchuí. Ba chóir go mbeadh scóip leathan ag an athbhreithniú sin, agus ba chóir freisin go ndéanfaí breithniú maidir le tuairim an Abhcóide Breithiúnais Bobek[1] agus leis an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa[2], a rinneadh ina dhiaidh sin. Iarrann an Coiste go gcuirfear an toradh ar aghaidh chuige, a luaithe is féidir.

 

15.   Molann an Coiste go gcruthófar eintiteas a thabharfaidh breitheanna laistigh den Choimisiún um Chosaint Sonraí, ar leithligh ón gCoimisinéir, chun feabhas a chur ar na frámaí ama ar lena linn a eisíonn an Coimisiún breitheanna ar chásanna. Ní féidir leis an gCoimisinéir gach breith a eisiúint ar a chonlán nó ar a conlán féin, agus dá bhrí sin ba chóir go ndéanfaí breithniú maidir le cead a thabhairt do bhainisteoirí cás aonair breitheanna críochnaitheacha a eisiúint thar ceann an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

 

16.   Molann an Coiste, más gá, go dtabharfar reachtaíocht isteach lena gcumasaítear úsáid a bhaint as éisteachtaí poiblí mar chuid den phróiseas earcaíochta le haghaidh poist amhail an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, chun a áirithiú go bhfostófar iarrthóirí atá ar ardchaighdeán, bunaithe ar thuillteanas, agus chun aon amhras go dtarlóidh ceapadh polaitiúil chun ról an Choimisinéara a sheachaint.

 

17.   Molann an Coiste go bhfoilseoidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí staitisticí ar bhonn ráithiúil maidir leis an úsáid a bhaintear as a chumhachtaí imscrúdaithe faoi Airteagal 58(1) de RGCS, agus leis an úsáid a bhaintear as a chumhachtaí smachtbhannaí faoi Airteagal 58(2) de RGCS. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, molann an Coiste don Choimisiún um Chosaint Sonraí go ndéanfaidh sé a eisceachtaí, a bhfuil tuiscint leathan ann ina dtaobh, ón Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 a tharscaoileadh.

 

CRÍOCH//



[1] Tuairim an Abhcóide Breithiúnais Bobek i ndáil le Cás Case C‑645/19, a tugadh an 13 Eanáir 2021 https://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf?docid=236410&doclang=EN
[2] Breithniúnas na Cúirte (Mórsheomra) i ndáil le Cás C‑645/19, a eisíodh an 15 Meitheamh 2021, CURIA - Documents (europa.eu)

Fiosrúcháin ó na meáin

Jason Kiernan

Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4486

+353 86 701 5235 

jason.kiernan@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn