Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Choimirce Shóisialach chun Seirbhísí Fostaíochta Poiblí a phlé le CSTGT agus Fórsa agus leis an Roinn Coimirce Sóisialaí

28 MFómh 2021, 17:59

Déanfaidh an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin Seirbhísí Fostaíochta Poiblí a phlé le CSTGT agus Fórsa agus le hoifigigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag cruinniú i dTeach Laighean amárach, Dé Céadaoin an 29 Meán Fómhair.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3 ar 9.30 a.m.

Tiocfaidh Leas-Rúnaí Ginearálta CSTGT John King, Eagraí Rannáin, Adrian Kane, An Coiste um Chlub Post Náisiúnta, Bernard Fennessy; Ceann Rannáin Fórsa, Ashley Connelly, Leas-Rúnaí Ginearálta, Lynn Coffey, Cathaoirleach Brainse, David Orford; agus oifigigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí, Leas-Ard-Rúnaí Niall Egan agus Príomhoifigeach Chris Kane os comhair an Choiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Donnacha Ó Neachtain TD: “Mhol an Coiste ina aighneacht réamh-Bhuiséid le deanaí go ndéanfaí Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla agus Clubanna Post a chothabháil agus an tsamhail chéanna orthu.

"Tá imní ann go mb’fhéidir go mbeidh próiseas tairisceana le haghaidh seirbhísí fostaíochta arna thionscnamh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ina chúis le hiomarcaíocht, agus go gcuirfí isteach ar leanúnachas seirbhíse mar gheall air, ag an tráth is measa do chuardaitheoirí poist.

“Agus tá fíor-fhaitíos ann go ndéanfar cur chuige nach bhfuil fócasaithe ach amháin ar ionadú agus lena n-eisiatar píomhghnéithe luachmhara seirbhísí láithreacha amhail forbairt phearsanta a chur in ionad chur chuige duinelárnach na seirbhísí fostaíochta agus na gclubanna post

“Cuireann an Coiste fáilte roimh Fórsa agus CGTST araon a dhéanann ionadaíocht do bhreis is 350 oibrí a fhostaítear i Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla (SFÁ) agus Clubanna Post ar fud na tíre chun éisteacht faoin imní atá orthu maidir leis na hathruithe atá á ndéanamh ag an Roinn. Is deis é an cruinniú freisin chun ceisteanna a chur ar an Roinn faoi na hathruithe seo agus chun cur síos a fháil ar phróiseas tairisceana na Seirbhíse Fostaíochta Réigiúnaí, torthaí inchomórtais arna ngóthú ag JobPath, seirbhísí Intreo-bhunaithe, Clubanna Post agus Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla agus na cúiseanna leis an bproiséas sainfhála céimnithe.”

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn