Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

25 Dhámhachtain Míre Gaile bronnta ag an gCeann Comhairle i leith 17 nGníomh Crógachta

12 Samh 2021, 16:27

Bhronn an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD, 25 Dhámhachtain Míre Gaile inniu ar dhaoine a chuaigh sa bhearna bhaoil chun dul i gcabhair ar dhaoine eile a bhí i gcontúirt.

Inniu ag an searmanas i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, tugadh faighteoirí le chéile, áit a fuair siad Deimhniú Míre Gaile mar aitheantas ar 17 ngníomh crógachta a bheith déanta acu. Dámhadh naoi mBonn Cré-Umha i leith Míre Gaile freisin agus bronnadh Boinn Airgid i leith Míre Gaile ar sheisear eile.

Tugtar sna dámhachtainí, onóir do dhaoine ó Chontae an Chabháin, Chorcaí, Dhún na nGall, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Chill Dara, Chill Chainnigh, Uíbh Fhailí, Shligigh, Thiobraid Árann agus Phort Láirge, agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bronntar na honóracha bliantúla sin ag Comhairle na Míre Gaile, ar Comhairle í a bunaíodh sa bhliain 1947 d’fhonn a chumasú don Stát aitheantas a thabhairt do Ghníomhartha Crógachta a bhí eisceachtúil. Is é an Ceann Comhairle atá ina Chathaoirleach ar an gComhairle agus áirítear ar na comhaltaí uirthi Cathaoirleach Sheanad Éireann, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus Ard-Mhéara Chorcaí, Coimisinéir an Gharda Síochána, Uachtarán an Chumainn Comhairlí Contae is Cathrach agus Cathaoirleach Chumann Croise Deirge na hÉireann.

Dúirt an Ceann Comhairle: “Is gníomhartha crógachta eisceachtúla iad na gníomhartha a dtugaimid onóir dóibh inniu. Is comóradh ar na tráthanna sin a rinne daoine gníomhartha chun saol daoine eile a tharrtháil, agus a saol féin á chur i mbaol le linn dóibh sin a dhéanamh. Is é an rud a ndéantar ceiliúradh air leis na dámhachtainí seo, an spreagadh is uaisle atá sa duine daonna agus é féin nó í féin a chur i mbaol chun saol duine eile a tharrtháil. Tugtar onóir do dhaoine a léim isteach i bhfarraigí stoirmiúla, a bhí cróga go leor chun dul isteach in aibhneacha a bhí ina rabharta, a dhreap síos aillte, a thug cúnamh ag timpistí bóthair agus a rinne éachtaí iontacha eile. Tá daoine ann atá beo inniu mar gheall ar ghníomhartha na ndaoine sin, a mbeadh an bás i ndán dóibh, gan amhras, murach iad.

“Tuigim, go deimhin, go bhfuilimid fós faoi scáth phaindéim Covid-19 agus muid ag ceiliúradh na ngníomhartha seo. Is iomaí teaghlach ar fud na tíre atá faoi dhólás mar gheall ar an víreas agus is mór an brón agus an crá croí dúinn tar éis a bhfuil caillte againn le 20 mí anuas. Ach é sin ráite, is cúis mhór dóchais agus bróid dúinn uilig chomh maith an tseirbhís den chéad scoth a thug ár ndochtúirí, ár n-altraí agus ár n-oibrithe túslíne fud fad na seirbhíse sláinte, na seirbhísí dóiteáin agus éigeandála agus An Garda Síochána.

“Tugaimid aitheantas inniu, mar is ceart dúinn, do na gníomhartha crógachta atá déanta ag ár n-aíonna urramaithe. Ach is ceart dúinn freisin, comóradh a dhéanamh ar an gcrógacht a léiríodh sna gníomhartha iomadúla a rinneadh lá i ndiaidh lae le linn phaindéim Covid-19 agus aitheantas a thabhairt dóibh inniu. Is cuma beag nó mór na gníomhartha sin a rinneadh agus a dhéantar i gcónaí, is ar leas gach duine againn a dhéantar iad agus cabhraíonn siad lenár gcosaint agus an cor sa saol mar atá ann faoi láthair.

“Braithimid uilig an maitheas agus an chrógacht a léirítear i réimsí éagsúla saoil ar fud na tíre le linn na paindéime agus is ceart leis sin go mbeimis bródúil as na pobail seo againne agus go mbeimis buíoch as iad a bheith ann. Pobal agus comhar is bun leis an seanfhocal Gaeilge ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ agus oireann sé go mór do shaol an lae inniu.”

Is iad seo a leanas na daoine a roghnaíodh, de réir ardlua:

Ms Sarah Courtney – Port Láirge.                                           Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Airgid
Mr Ronan Flanagan – Port Láirge.                                          Deimhniú Míre Gaile
Mr Adrian O’Hara – Port Láirge.                                              Deimhniú Míre Gaile
Mr Aaron Hyland – Gaillimh.                                                    Deimhniú Míre Gaile
Mr Walter Butler – Virginia, SAM.                                            Deimhniú Míre Gaile
Mr Declan Butler – Virginia, SAM.                                           Deimhniú Míre Gaile
Mr Eoghan Butler – Virginia, SAM.                                          Deimhniú Míre Gaile
Mr Alexander Hugh Thomson – Virginia, SAM.                       Deimhniú Míre Gaile
Caiden Sweeney – Dún na nGall.                                            Deimhniú Míre Gaile
Mr Shane Maloney – Corcaigh.                                                Deimhniú Míre Gaile
Ms Beth Darrer – Corcaigh.                                                      Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Ms Niamh McMahon – Corcaigh.                                             Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Garda Caroline O’Brien – Cill Chainnigh.                                 Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Mr Gerard Tyrrell – Baile Átha Cliath.                                       Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Mr James Melia – Uíbh Fhailí.                                                  Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Ms Jane Friel – Dún na nGall.                                                  Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Garda Jeremiah Sheehy – Uíbh Fhailí.                                    Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Garda Roisin O’Donnell – Dún na nGall.                                  Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Garda Keenan McGavisk – Bail Átha Cliath.                            Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Cré-Umha
Garda Michael Joseph Lee – An Cabhán.                                Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Airgid
Mr Scott McQuaid – Cill Dara.                                                  Deimhn iú Míre Gaile agus Bonn Airgid
Ms Susan Hackett – Tiobraid Árann                                         Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Airgid
Ms Zoe Lally – Sligeach.                                                          Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Airgid
Mr Demitrios Paraskevakis                                                      Deimhniú Míre Gaile agus Bonn Airgid
Mr Chris Steel – Dún na nGall.                                                Litir Mholta 

 


Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Dámhachtana Míre Gaile téigh chuig: https://www.bravery.ie/

Barr
Roinn