Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seolann an Cathaoirleach clár imeachtaí ‘Seanad100 – Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ chun comóradh céad bliain Sheanad Éireann a cheiliúradh

15 Feabh 2022, 12:30

Tá an Cathaoirleach, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh tar éis Seanad100 – Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra a sheoladh inniu, arb é an clár é chun comóradh chéad bliain Sheanad Éireann a cheiliúradh.

Ar áireamh sa chlár, tá taispeántas, léachtaí, clár faisnéise teilifíse, turais théamacha ar Theach Laighean, imeachtaí le haghaidh na hOíche Cultúir agus díospóireachtaí ag mic léinn chun an rannchuidiú a rinne an Seanad ó 1922 a léiriú, roimh Shuí Searmanach Chothrom 100 Bliain i mí na Nollag.

Chun tús a chur leis an gclár, bhí an Seanadóir Ó Dálaigh in chathaoirleach ar phlé le beirt de na comhaltaí is mó aitheantais den Seanad le 100 bliain anuas, iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín agus an Seanadóir David Norris, ag a bhfuil an tseirbhís leanúnach is faide sa Seanad. Ba é Flor MacCarthy, láiritheoir ag Oireachtas TV, a bhí ina mhodhnóir ar an bplé.

Dúirt an Cathaoirleach: “Cuimsíonn Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra an ról a bhí ag Seanad Éireann agus atá aige fós i saol na hÉireann. Le linn an chéid seo caite, bhí an Seanad ina ardán dóibh siúd a chur glórtha imeallaithe agus mionlaigh chun tosaigh agus a d’agair ar a son, agus ba chúis é sin, i gcásanna iomadúla, le hathruithe móra teacht ar an tsochaí againn.

“Tá an tUachtarán Máire Mhic Róibín agus an Seanadóir David Norris ar na comhaltaí is mó gradam den Seanad le 100 bliain anuas. Tá méid is mó ná 50 bliain de sheirbhís leanúnach ag an mbeirt acu a ioncholaíonn ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’. Tá tionchar seasta ag na hóraidí a rinne siad le linn dóibh bheith ina Seanadóirí ar stair agus ar shaol laethúil an Náisiúin agus an Stáit.

“Tá an Seanad tar éis na moltaí iomchuí go léir sna tuarascálacha maidir le hathchóiriú de chuid an tSeanaid a chur i bhfeidhm a raibh cumhacht ag an Teach iad a chur i ngníomh. Tá dóchas againn go bhfeicfear dul chun cinn maidir le Seachtú Leasú ar an mBunreacht 1979 a chur i bhfeidhm ag an rialtas ar rud é a leathnódh an ceart vótála, agus tá an Seanad ag iarraidh go n-aontóidh an rialtas go ndéanfaimid grinnscrúdú ar reachtaíocht AE roimh a achtú."

Dúirt an Cathaoirleach go léireofar leis na taispeántais agus na himeachtaí an rannchuidiú a rinne mná agus ionadaithe ó Thuaisceart Éireann sa Seanad le céad bliain anuas.

Dúirt an Cathaoirleach: “Bunaíodh an Seanad le Bunreacht Shaorstát Éireann a achtaíodh tar éis dhaingniú an Chonartha in 1922. Ar chomhaltaí an chéad Seanaid sin, a bhí ann ó 1922 go 1936, bhí iar-aontachtóirí agus sealbhóirí ar theidil oidhreachta de chuid na Breataine, ar rud é a léirigh peirspeictíochtaí éagsúla an Stáit nua Éireannaigh. In 1937 bhunaigh an bunreacht nua, Bunreacht na hÉireann, Seanad Éireann mar a bhfuil aithne againn air inniu.

Ó bhí an chéad chruinniú ann an 11 Nollaig 1922, bhí tionchar ollmhór ag mná tríd an obair a rinne siad sa Seanad agus is mná iad 40 faoin gcéad de chomhaltaí an tSeanaid anois. Tá Seanadóirí ag labhairt ar son na ndaoine a bhí ar imeall na sochaí agus ag cur na n-athruithe móra dár saoránaigh ar bun, arb é an toradh air sin gur tír is forchéimní, uilechuimsithí í le hais a bhí ann céad bliain ó shin. Léireoidh Seanad 100 freisin obair na gcomhaltaí sin a chinntigh gur cloiseadh glórtha ón tuaisceart, idir náisiúnacha agus aontachtaithe, san Oireachtas, go háirithe le linn na dTrioblóidí agus ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann.”

Ar an gclár imeachtaí do Sheanad 100, tá na nithe seo a leanas:

  • Taispeántas Sheanad 100, ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’;
  • Léacht Sheachtain na Gaeilge Sheanad 100;
  • Feachtasaíocht meán sóisialta agus taispeántas a dhéanfaidh comóradh ar ‘Céad Bliain ag Mná sa Seanad’;
  • Léachtaí ar na téamaí, ‘Mná sa Seanad,’ Glórtha ón Tuaisceart’ agus ‘An Chéad 100 Bliain eile de Sheanad Éireann’;
  • Turais Théamacha ar Theach Laighean le linn mhíonna an tsamhraidh ar a n-áireofar taispeántas Sheanad 100 agus Oíche Cultúir i mí Mheán Fómhair a mbeidh Seanad 100 mar théama aici;
  • Díospóireachtaí Sheanad na nOg arna n-óstáil ag Oideachas an Oireachtais i bpáirt le Foróige.

Ina theannta sin, seolfar leabhar dhátheangach Sheanad 100 níos déanaí sa bhliain, beidh ábhar tiomnaithe gréasáin do Sheanad 100 ann arna fhorbairt ag foireann gréasáin an Oireachtais agus feachtas meán sóisialta #Seanad100. Déanfaidh Oireachtas TV clár faisnéise speisialta chothrom céad bliain a léiriú agus a chraoladh a dhéanfaidh comóradh ar ról agus tionchar an tSeanaid.

Is é buaicphoine an chláir imeachtaí Suí Searmanach Chothrom 100 Bliain speisialta den Seanad i mí na Nollag a shruthófar beo ar Oireachtas TV.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn