Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuairt ag Comhchoiste na Gaeilge ar Ghaeltacht Chonamara chun Tábhacht TG4, RnaG agus Acadamh na Gaeilge i Saol na Gaeilge a Mheas

20 Iúil 2022, 13:30

Thug Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cuairt le déanaí ar Raidió na Gaeltachta, ar TG4 agus ar Acadamh na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaeltacht Chonamara.

Ar na hábhair a phléigh na Comhaltaí le RnaG agus TG4, bhí tábhacht chraoltóireacht na Gaeilge agus na dúshláin atá os comhair na n-eagraíochtaí sin sna blianta atá amach romhainn. Phléigh na Comhaltaí an fheidhm lárnach atá ag an Acadamh agus ag na forais tríú leibhéal eile i gcur chun cinn na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí idir seo agus 2030.

Agus é ag caint Dé Luain an 11 Iúil tar éis na cuairte, dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá feidhm lárnach ag na trí eagraíocht seo i dtodhchaí na Gaeilge agus i gcur chun cinn na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn. Molaim an obair fhiúntach atá á cur i gcrích acu le blianta anuas agus molaim an fheidhm lárnach atá acu i gcur chun cinn na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí.

“Ach ní féidir le TG4 agus RnaG, áfach, an fheidhm sin a chomhlíonadh go hiomlán gan an tacaíocht cheart atá de dhíth orthu, agus tá súil ag an gComhchoiste go dtiocfaidh athrú air sin i mBuiséad 2023.

“Maidir leis an Acadamh, phléamar réimse ábhar a bhaineann lena chuid oibre, ach díríodh ar an ngá atá ann ag leithéidí an Acadaimh agus foras tríú leibhéal eile cúrsaí sainiúla ar leith a chur ar fáil i gcomhair na seirbhíse poiblí, de thairbhe na spriocanna atá leagtha síos anois in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Baineann na spriocanna sin le seirbhísí dátheangacha agus leis an gcoinníoll atá ann seirbhísigh dhátheangacha a earcú roimh 2030.

“De bharr go bhfuil, agus go mbeidh, an dualgas ar an tseirbhís phoiblí seirbhísí a bheidh go hiomlán dátheangach a chur ar fáil, beidh cúrsaí ar leith ag teastáil ó gach comhlacht poiblí chun inniúlacht a gcuid foirne sa Ghaeilge a mhéadú. Ní leor an cúpla focal, agus ní ghlacfaidh Pobal na Gaeilge leis sin ann féin níos mó.

“Molaim do na forais tríú leibhéal na cúrsaí sin a ullmhú go réamhghníomhach agus iad a leagan faoi bhráid an Choiste Chomhairligh nuabhunaithe um Sheirbhísí Gaeilge a bhfuil an dualgas i leith an 20% leagtha air.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn