27 Iúil 2022, 16:30
Tá Ceann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD tar éis comhbhrón a chur in iúl do theaghlach, do chairde agus do chomhghleacaithe an Tiarna David Trimble, iar-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann, nach maireann.
Táthar tar éis leabhar an chomhbhróin a chur ar fáil lena shíniú i dTithe an Oireachtais mar chomhartha urraime d’iar-cheannaire Pháirtí Aontachtaithe Uladh a fuair bás Dé Luain in aois a 77 mbliana.
Tá an Ceann Comhairle tar éis socruithe a dhéanamh freisin go gcrochfar an bhratach os cionn Theach Laighean ar leathchrann an lá a bheidh sochraid an Tiarna Trimble ar siúl.
Dúirt an Ceann Comhairle: “Is é oidhreacht David Trimble Comhaontú Aoine an Chéasta agus an tsíochán atá i réim inniu i dTuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin seo. Léirigh sé fíorchinnireacht agus misneach thar cuimse i dtaca leis an an ról a d’imir sé ar son an Aontachtais le linn na gcomhchaibidlí arbh é an Comhaontú a gcríoch.
“Léirigh sé ansin mar Chéad-Aire i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann i dteannta Seamus Mallon mar Leas-Chéad-Aire an chinnireacht chéanna agus an misneach céanna chun cabhrú leis na forais chomhroinnte cumhachta a bunaíodh leis an gComhaontú a thógáil agus a chothú. Tugadh aitheantas mar ba cheart do ról David le Duais Nobel na Síochána a dámhadh i gcomhpháirt in 1998 do David agus do John Hume, nach maireann.
“Cé gur Aontachtaí tiomanta, díograisach é David Trimble, chreid sé freisin nach bhféadfadh pobal Thuaisceart Éireann, pobal na hÉireann agus pobal na Breataine Móire an stair achrannach againn a shárú agus todhchaí shíochánta rathúil a thógáil d’ár gcuid leanaí, agus garleanaí uile agus do na glúnta atá le teacht ach amháin trí chomhoibriú le chéile.”
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews