Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fáilte á cur ag an gCoiste Cumarsáide roimh léiriú spéise in ainmniúcháin do Bhoird Stáit

29 Samh 2013, 15:36

Tá an Comhchoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid ag fáiltiú roimh léirithe spéise ó dhaoine atá cáilithe go hoiriúnach agus ar mian leo go ndéanfaí iad a bhreithniú le haghaidh ceapacháin ar bhoird Iascach Intíre na hÉireann, RTÉ, TG4 nó Údarás Craolacháin na hÉireann.

29 Samhain 2013

Dar le Cathaoirleach an Choiste, Seán Ó Mathúna TD: “Tá ról níos gníomhaí fós ag Coistí Oireachtais sa phróiseas chun Cathaoirligh ar Bhoird Stáit a cheapadh. Ar aon dul leis seo, agus faoin reachtaíocht reatha, tá ról ag an gCoiste seo freisin maidir le pearsana aonair a ainmniú do bhoird Iascach Intíre na hÉireann, RTÉ, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Cuirtear fáilte roimh dhaoine a spéis a léiriú sna ceapacháin ar na boird tábhachtacha seo d’fhonn iad a bhreithniú  chun ainmniúcháin a dhéanamh chuig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Ba chóir dóibhsan a chuireann a n-ainmneacha ar aghaidh cur síos gearr a thabhairt ar a dtaithí oibre agus na critéir le haghaidh ainmniúcháin a chomhlíonann siad a shonrú, mar aon le le cóip dá CV.”

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun spéis a léiriú, téigh chuig an nasc

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:
Paul Hand,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 4484
Fón póca: +353 87 694 9926

Barr
Roinn