3 DFómh 2017, 11:22
Déanfaidh an Coiste Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú láir bliana ar mheastacháin ag an gcruinniú a bheidh aige amárach, Dé Céadaoin, an 4 Deireadh Fómhair 2017.
Is é a bheidh ar chlár an chruinnithe:
Vóta 33 – Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Athbhreithniú Láir Bliana.
Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Heather Mhic Unfraidh, T.D., i láthair os comhair an Choiste.
Tosóidh an cruinniú ar 1.30pm, amárach, Dé Céadaoin, an 4 Deireadh Fómhair 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí beo an Choiste a fheiceáil anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.