Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid ag lorg bhur dtuairimí ar Stádas an Roisc Náisiúnta, ar an gCaoi a gCaitear leis agus ar é a Úsáid

6 DFómh 2017, 10:30

Tá Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid ag iarraidh aighneachtaí i scríbhinn ó ghrúpaí leasmhara nó ó dhaoine aonair chun breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar mhó ba chuí don Stát caitheamh leis an Rosc Náisiúnta.      

Iarrtar ar eagraíochtaí leasmhara agus daoine aonair aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig an gCoiste maidir leis an tsaincheist seo. Déanfaidh an Coiste athbhreithniú ar na haighneachtaí go léir agus féadfaidh an Coiste cuireadh a thabhairt do roinnt de na rannchuiditheoirí páirt a ghlacadh i gcruinniú leis an gCoiste. Tionólfar an cruinniú i Seomra an tSeanaid i dTeach Laighean. Nuair a bheidh an próiseas poiblí seo críochnaithe, tá sé beartaithe ag an gCoiste tuarascáil a fhoilsiú maidir leis an tsaincheist lena breithniú ag an Seanad agus ag an Rialtas.

Dúirt Leas-Chathaoirleach an tSeanaid agus Cathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Pól    Ó Cochlain: “Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo go ndéanfar an chaoi ar chóir caitheamh leis an Rosc Náisiúnta a chinneadh; roghanna a bhreithniú mar reachtaíocht a rith, más gá, treoirlínte a eisiúint, nó gan aon athrú a dhéanamh ar an rochtain phoiblí reatha air. I dtéarmaí saoirse chainte, d’fhéadfaí gur shárú ar chearta seanbhunaithe sa réimse seo aon sriantachtaí a chur ar úsáid an Roisc Náisiúnta. Mar shampla, tá bá ar leith le húsáid an Roisc Náisiúnta ag eagraíochtaí spóirt. Eascraíonn an-chuid torthaí dearfacha as seo agus taispeántar ómós seasta ar leith do Roisc Náisiúnta laistigh den réimse seo ar bhonn rialta. Dá ndéanfaí coinníollacha a mholadh maidir le cathain, cá háit agus cén chaoi a bhféadfaí an Rosc Náisiúnta a úsáid, bheadh gá le breithniú ar leith a dhéanamh ar an réimse seo.”  


Ceapadh an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh ina Rapporteur mar cheannaire ar thiomsú na Tuarascála.

Dúirt an Seanadóir Ó Dálaigh: Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo aighneachtaí a iarraidh ó pháirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh, agus go háirithe ó mhic léinn, chun breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar mhó ba chuí don Stát caitheamh leis an Rosc Náisiúnta. Is é comhthéacs an bhreithnithe seo nach faoi chóipcheart a thuilleadh ceol ná liricí Béarla ná Gaeilge an Roisc Náisiúnta. Tá tograí reachtaíochta déanta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo agus ba maith le Seanad Éireann dul i gcomhairle le saoránaigh maidir lena dtuairimí ar an tsaincheist seo. Cuirtear san áireamh sa díospóireacht ar an tsaincheist seo gnéithe de dhlí an chóipchirt, caoinfhulaingt chultúrtha, urramú na siombal náisiúnta, tuairimí an phobail, saoirse chainte agus réimse tosca eile. Tá gá le breithniú a dhéanamh orthu siúd ar fad mar chuid d’aon phlé ar an gcaoi a gcaitear leis an Rosc Náisiúnta.”

Is é an data deiridh chun aighneachtaí a fháil 4pm, Déardaoin, 2 Samhain 2017.

Féadfaidh tú níos mó a léamh faoin gcaoi le haighneacht a dhéanamh chuig an gCoiste Comhairliúcháin Phoiblí here.

Barr
Roinn