Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aighneachtaí maidir le Dréacht-Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla á lorg ag an gCoiste Gaeilge

13 Samh 2017, 10:57

Ta aighneachtaí maidir le Dréacht-Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.



Tá grinnscrúdú réamhreachtach á dhéanamh ag an gCoiste faoi láthair ar Scéim Ghinearálta agus ar Dhréacht-Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Mar chuid den phróiseas sin, tá an Coiste ag lorg aighneachtaí ón bpobal maidir le forálacha an Bhille.    

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Rialtas Dréacht-Cheannteidil Bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú. Tá deis ag an gCoiste na Dréacht-Cheannteidil a mheas agus ionchur a bheith acu i mbille teanga láidir agus éifeachtach a dhréachtú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint agus a rachaidh chun tairbhe pobail Ghaeltachta. Teastaíonn uainn tuairimí daoine maidir leis an mBille a chloisteáil agus spreagaimid daoine agus eagraíochtaí leasmhara go mór chun aighneachtaí a chur isteach.”

Ba cheart go mbeadh aighneachtaí gonta, beacht agus dírithe ar fhorálacha an Bhille.

Glacfaidh an Comhchoiste le haon aighneacht a gheofar suas go dtí an 16 Nollaig 2017.

Is féidir rochtain a fháil ar shonraí breise maidir le haighneacht a dhéanamh anseo here.

Barr
Roinn