Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gnéaschiapadh in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir le plé ag an gCoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht

22 Samh 2017, 11:45

Pléifidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht gnéaschiapadh in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile le hionadaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an gComhairle Ealaíon agus le Irish Equity Group amárach, Déardaoin, an 23 Samhain 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Peadar Tóibín, TD: “Rinneadh roinnt tuairiscí agus liomhaintí mar gheall ar ghnéaschiapadh laistigh d’earnáil na n-ealaíon agus an chultúir. Tá sé tábhachtach go mbeidh nósanna imeachta agus coinníollacha ann chun a chinntiú nach mbeidh ar oibrithe laistigh den earnáil glacadh le ciapadh agus go ndéileálfar le gach líomhain ar bhealach pras agus cuimsitheach. Amárach, pléifimid gnéaschiapadh in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir agus béim ar leith ar na beartais, ar na socruithe, ar na struchtúir agus ar na nósanna imeachta atá ann agus a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 2.30p.m. amárach, an 23 Samhain 2017 i Seomra Coiste 1, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn