Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gá le hathrú ó bhonn ar an tsamhail infheistíochta caipitil chun pobail tuaithe inmharthana a chothú – tuarascáil ón gCoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht

30 Samh 2017, 13:01

Tá gá le hathrú ó bhonn ar an tsamhail ar a bhfuil an beartas infheistíochta caipitil bunaithe ar fud Ranna Rialtais d’fhonn cabhrú le pobail réigiúnacha agus tuaithe inmharthana a chothú, de réir tuarascáil nua ón gComhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht.

Moltar sa tuarascáil Pobail Tuaithe Inmharthana a Chothú athrú ó thosaíocht a thabhairt d’infheistíocht bunaithe ar ‘éileamh láithreach’ amháin agus cur leis seo trí chritéir a bheidh bunaithe ar chuspóirí forbartha eacnamaíche réigiúnaí, agus a chinntiú go mbíonn seirbhísí bunúsacha ag pobail, dála bóithre, uisce, iompar poiblí, seirbhísí teileachumarsáide, fostaíocht, scoileanna, áiseanna sláinte agus seirbhísí an Gharda Síochána.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín TD: “Agus muid ag teacht amach as deich mbliana de ghéarchéim gheilleagrach, tá dhá chineál Éireann ag teacht chun cinn.  Is i limistéir uirbeacha is mó, go háirithe i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath, atá fás ag teacht ar an ngeilleagar agus ar an daonra.  Tá bánú ar siúl ina lán limistéir réigiúnacha agus thuaithe in Éirinn.  I gcomhthéacs na hEorpa, tá an cás seo againne ar cheann de na cásanna is measa maidir lena fhad chun cinn atá Baile Átha Cliath i gcomparáid leis an gcuid eile den stát.  Is dochrach do Bhaile Átha Cliath agus do na réigiúin araon difríochtaí suntasacha a bheith ag teacht chun cinn chomh tapa sin eatarthu.  

Is maith an rud é gur cathair idirnáisiúnta é Baile Átha Cliath.  Baineann iomlán na hÉireann tairbhe as a inneall geilleagrach.  Ach tá beagnach fiche bliain de spásfhorbairt gan stiúir tar éis leatrom a chur ar Éirinn gan meall uirbeach criticiúil a bheith in áit eile chun cothromaíocht a thabhairt.

Le linn na bliana seo a d’imigh tharainn, fuair ár gcoiste fianaise ó níos mó ná 50 eagraíocht a oibríonn nó a mhaireann i dtuath na hÉireann nó a bhíonn ag obair ar a son.  Fuaireamar amach gurb iontach an áit chónaithe í tuath na hÉireann, d’ainneoin an iliomad dúshlán a luaitear sa tuarascáil seo.  Tá sí lán le pobail chruthaitheacha agus fhuinniúla atá ag casadh na taoide agus ag teacht ar réitigh i réimsí áirithe.  Chonaiceamar freisin an géarghá atá le hinfheistíocht agus bonneagar spriocdhírithe ar mhaithe le fás spásúil cóir.  Tá féidearthachtaí móra ann ar fud na hÉireann agus is é cuspóir na tuarascála seo deis chóir a thabhairt do na féidearthachtaí sin.  

Sonraítear sa tuarascáil seo an iliomad céimeanna is gá a ghlacadh go práinneach lena chinntiú gur féidir Éire a bheidh níos sláintiúla agus níos cothroime a fhorbairt.”

Áirítear sna moltaí agus sna tátail eile:

Bonneagar

Ní mór deireadh a chur le húsáid na gcritéar reatha d’infheistíocht bhonneagair, a dhíríonn ar éileamh láithreach amháin.  Ní mór maoiniú a dháileadh le haghaidh éileamh ar fhorbairt amach anseo i limistéir réigiúnacha.  Tá forbairt atá á treorú ag bonneagar an-tábhachtach d’fhorbairt thuath na hÉireann.  Ní mór tacú leis seo trí Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh.

Is gá d’Fhiontraíocht Éireann agus do GFT a chinntiú go ndíreofar forbairt fiontraíochta ar na réigiúin d’fhonn cothromaíocht a thabhairt don fhorbairt atá claonta i dtreo an oirthir.

Ceangal

Ba chóir beartas a ghlacadh chun leathanbhanda snáithín a sholáthar do gach teach agus gnó sa tír. Cúngófar an deighilt idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe má tá rochtain ar leathanbhanda agus ar chumarsáid mhóibíleach den chéad scoth.  Ní mór bearta eatramhacha a lorg i gcás gurb éigean do phobail fanacht.

Is gá don Rialtas Crios Nuálaíochta Teorann a fhorbairt ag príomh-mhoil réigiúnacha feadh na teorann.
 
Ba chóir an obair sin a dhéanamh i gcomhpháirt leis an lucht riaracháin i dtuaisceart na hÉireann.

Is gá córas baincéireachta sóisialta poiblí, dála Córas Baincéireachta Sparkasse, a chruthú in Éirinn agus díriú, go háirithe, ar limistéir thuaithe agus réigiúnacha.

Ba chóir go mbeadh tascfhórsaí agus oifigigh leathanbhanda áitiúla freagrach as réitigh shealadacha a leagan síos don ghanntanas leathanbhanda ardluais ó tharla nach bhfuiltear ag súil go mbeidh an tionscadal curtha i gcrích go dtí 2023 ar a luaithe.

Tá gá le maoiniú breise do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla chun ceangal a chinntiú isteach chuig limistéir thuaithe agus amach astu.

Is gá forbairtí agus tionscnaimh bhonneagair a aithint chun iarracht a dhéanamh an fhadhb maidir le ródhlús forbairtí bóthair agus soláthair iompair phoiblí in oirthear na tíre a réiteach agus chun a chinntiú go mbeidh na seirbhísí bunúsacha seo ar fáil do chách.

Tá gá lena chinntiú go bhfuil seirbhísí comaitéireachta ann ó bhailte agus ó limistéir thuaithe atá láimh le limistéir uirbeacha, ina bhfuil institiúidí tríú leibhéal, ospidéil agus fostóirí móra, agus tá gá lena chinntiú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil go dtí déanach sa tráthnóna, mar a bhíonn i limistéir uirbeacha.

Cianobair

Is féidir le go leor oibrithe a gcuid post a dhéanamh ó chian anois.  Tugann sé sin buntáistí d’fhostóirí mar is féidir leis forchostais chóiríochta a laghdú.  Maolaíonn sé brú iompair, laghdaíonn sé astaíochtaí CO2, laghdaíonn sé brú tithíochta i gcathracha agus tugann sé beocht nua do phobail tuaithe.  Tá samplaí timpeall an Stáit inar baineadh amach é le córas mol-bhunaithe.  Tá sé sin úsáideach mar bíonn cóimheascadh smaointe ann i measc oibrithe.  Is féidir daoine a bhíonn ag obair ón mbaile a chuimsiú sa chóras mol-bhunaithe freisin.  Is é an príomhrud a theastaíonn bonneagar teileachumarsáide maith agus ba chóir don Stát a chinntiú go bhforbrófar moil lánseirbhísithe ar fud limistéir réigiúnacha agus thuaithe.

Cúram Leighis

Ba chóir constaicí i mbealach na nuálaíochta i soláthar cúraim dochtúirí teaghlaigh a bhaint.

Ba chóir an Liúntas do Dhochtúirí Tuaithe a athchóiriú agus a mhéadú ionas go meallfaidh sé dochtúirí go limistéir thuaithe.  Ba cheart cianchódú a thabhairt ar ais freisin.

Oifigí Poist Tuaithe

Ba chóir gach iarracht a dhéanamh chun oifigí poist tuaithe a chothabháil mar chuid lárnach de bhonneagar na tuaithe agus de bheartas an Rialtais.

Fiontraíocht agus Scileanna

Ba chóir go leanfadh gníomhaireachtaí Stáit móra, amhail Fiontraíocht Éireann agus GFT, agus a gcliaint de bheith ina bhfoinse thábhachtach fiontraíochta agus fostaíochta i dtuath na hÉireann agus ba chóir gur chuspóir beartais náisiúnta é seo.

Is gá don Rialtas a bheith níos tiomanta do chistí caipitil fiontair limistéarbhunaithe (e.g. Ciste Infheistíochta an Iarthair) trí €100 milliún a sholáthar thar thréimhse 5 bliana nó trí shamhail a fhorbairt atá bunaithe ar bhainc phobail.

Earnálacha Buntáiste Chomparáidigh i Limistéir Thuaithe

Ní foláir, mar thosaíocht, fáil réidh leis na baic atá ar fhiontair bheaga agus phobail maidir le rochtain a fháil ar an eangach náisiúnta le haghaidh feirmeacha gaoithe, feirmeacha gréine, bithmhaise agus bithdhíleáiteoirí.  Ní foláir dlús a chur leis an togra chun taraif ionfhotha inmharthana a sholáthar.

Ní foláir dlús a chur le treoirlínte pleanála réigiúnacha le haghaidh feirmeacha gaoithe agus feirmeacha gréine.

Brandáil Ardluacha

D’fhéadfaí táirgí amhail Cáis Árann, Uaineoil na Teamhrach, Uisce Beatha Chaisil, etc., a chruthú.  Ba chóir go leanfaí d’fhorbairt a dhéanamh ar bhrandaí náisiúnta i limistéir eile sa Stát chomh maith.  

Gréasáin Nua Siopadóireachta Idirlín

Tá an earnáil miondíola ag aistriú de réir a chéile ó na sráideanna go dtí an t-idirlíon, agus is mór an dochar atá sé sin a dhéanamh do chúrsaí gnó i gcoitinne in Éirinn mar is chuig áiteanna lasmuigh den tír is mó atá an t-airgead á chur.  Tá sé ag déanamh dochar mór freisin do lárionaid mhiondíola tuaithe.  Ba chóir a chur de chúram ar na hOifigí Fiontair Áitiúil cabhrú le bailte ardáin mhiondíola a sholáthar ar líne.  Is tábhachtach chomh maith leathanbhanda a sholáthar i limistéir thuaithe ionas gur féidir leis na hardáin sin a bheith iomaíoch.

Creidmheas

Déantar dianrialáil faoi láthair ar chomhair chreidmheasa agus ní ceadmhach dóibh páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochta baincéireachta.  Is gá don Rialtas saineolas bainistíochta agus rialachais a sholáthar do na Comhair Chreidmheasa chun go mbainfear an tairseach chriticiúil amach san earnáil agus chun gur féidir leo freastal ar riachtanais daoine i limistéir thuaithe.

Talmhaíocht

Is mór an baol an Breatimeacht do chúrsaí talmhaíochta ar fud na hÉireann.  Cruthaíonn an éiginnteacht atá ann faoin toradh deiridh deacrachtaí maidir le pleanáil don todhchaí.  Ach rud amháin atá cinnte is ea gur gá do ghnóthaí bia agus d’fheirmeoirí díriú ar an iomaíocht agus ar an nuálaíocht chun na dúshláin sin a shárú agus chun go bhfásfaidh a ngnó go hinmharthana sa todhchaí.

Ní foláir don Rialtas féachaint lena chinntiú go bhfeidhmeoidh tuaisceart na hÉireann agus deisceart na hÉireann de réir an chórais chéanna rialála.   

Dar le Teagasc, is mionlach iad na feirmeoirí atá inmharthana go heacnamaíoch astu féin.  Is í an fheirmeoireacht cnámh droma thuath na hÉireann.  Tá sé tábhachtach go mbeidh an fheirmeoireacht inmharthana go heacnamaíoch ionas go mbeidh tuath na hÉireann inmharthana.  Chuige sin, is gá d’fheirmeoirí dul suas an slabhra luacha ó thaobh táirgeadh agus éagsúlú de.  Is gá chomh maith go bhfaighidh feirmeoirí cion is mó den ioncam a thuilleann siad.  Is féidir é sin a bhaint amach trí chomharchumainn feirmeoirí a bhunú agus trí bhrabúis a roinnt ar shlí is cothroime idir soláthróirí agus ceannaitheoirí.  Tá i bhfad níos mó oibre le déanamh chun margaí coigríche nua a ghnóthú.

Údarás na Gaeltachta

Is dian iad na ciorruithe a rinneadh in Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le heagraíochtaí forbartha fiontraíochta eile sa Stát.  Tá ról lárnach ag an Údarás maidir lena chinntiú gurb í an Ghaeilge príomhtheanga phobail na Gaeltachta agus go dtabharfar ar aghaidh í chuig na glúine atá le teacht.  Tá sé ríthábhachtach a chinntiú gur leordhóthanach an maoiniú a chuirfear ar fáil di sa todhchaí.

Coimisiún Forbartha an Iarthair

Tá Coimisiún Forbartha an Iarthair eiseamláireach ó thaobh forbartha de; ba chóir don Rialtas, dá bhrí sin, maoiniú breise a chur ar fáil don chomhlacht sin agus macasamhail a struchtúir a úsáid i réigiúin eile.

Oideachas tríú leibhéal
 
Tá tionchar suntasach ag an oideachas tríú leibhéal ar fhorbairt fiontraíochta.  Tá an easpa oideachas tríú leibhéal i réigiúin áirithe ar cheann de na cúiseanna atá le “teitheadh na n-óg”.  Dá gcuirfeadh institiúidí tríú leibhéal campais for-rochtana ar fáil i mbailte réigiúnacha, d’fhéadfadh daoine óga fanacht ina gceantair dhúchais agus d’fhéadfaí fiontraíocht agus tionsclaíocht a fhorbairt sna ceantair chéanna.   

Ní foláir leanúint de thodhchaí na hoiliúna printíseachta a fhorbairt agus níos mó béime a chur ar an bhfoghlaim san áit oibre agus freastal ar shlí is éifeachtaí ar riachtanais mhargadh saothair na hÉireann.

Tá an tuarascáil ina hiomláine mar aon le moltaí na tuarascála le fáil anseo https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/32/joint_committee_on_culture_heritage_and_the_gaeltacht/reports/2017/2017-11-30_report-sustaining-viable-rural-communities_en.pdf

Barr
Roinn