Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht le ráiteas ón gComhairle Ealaíon a éisteacht agus leis an mBille Oidhreachta, 2016, a phlé.

4 Noll 2017, 01:58

Tá an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht le ráiteas ón gComhairle Ealaíon a éisteacht agus leanfaidh sé ar aghaidh leis an scrúdú aige ar an mBille Oidhreachta, 2016, ag an gcruinniú a bheidh aige Dé Máirt, an 5 Nollaig 2017.

Is é seo a leanas an clár don chruinniú:

Seisiún A: Ráiteas [Ionadaithe ón gComhairle Ealaíon]

Seisiún B: Scrúdú ar an mBille Oidhreachta, 2016 (Seanad) (atógáil) [Ionadaithe ó Chumann Feirmeoirí Eallach agus Caorach na hÉireann, Cumann Soláthraithe Bainne Uachtarlainne na hÉireann, Cumann Curtha Fál na hÉireann, Cumann Faire Éan na hÉireann, Cumann Uiscebhealaí Intíre na hÉireann] Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 11 a.m., an 5 Nollaig 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir leat breathnú ar imeachtaí Coiste agus tú ag gluaiseacht le hAip Fóinchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn