12 Feabh 2018, 16:40
Leanfaidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agcus Gaeltacht dá éisteachtaí maidir le coinníollacha oibre agus cúrsaí forbartha i dtionscal scannán na hÉireann ag cruinniú den choiste a bheith ar siúl Dé Máirt, an 13 Feabhra 2018.
Is é seo a leanas clár an chruinnithe:
An Clár: Coinníollacha Oibre agus Cúrsaí Forbartha i dTionscal Scannán na hÉireann
[GMB - Ceardchumann Ginearálta na Breataine agus Ionadaithe ó Chumann Oibrithe Scannán na hÉireann]
Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 1.30 p.m. amárach, an 13 Feabhra 2018, i Seomra Coiste 1, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
CRÍOCH/