Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na hEalaíona agus an Ghaeilge le plé ag an gCoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht

27 Feabh 2018, 15:08

Leanfaidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht dá éisteachtaí maidir leis na healaíona sa tsochaí nuair a dhíreofar ar na healaíona agus ar an nGaeilge ag cruinniú den choiste a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, an 28 Feabhra 2018.



Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín, TD: “Cromfaidh an Coiste athuair ar a shraith éisteachtaí maidir leis na healaíona sa tsochaí amárach. Díreofar ar na hEalaíona agus ar an nGaeilge nuair a bheidh cruinniú againn le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle Ealaíon agus ó Fibín Teo. Is cuid thábhachtach í an Ghaeilge, idir scríofa agus labhartha, dár n-oidhreacht chultúrtha agus ealaíonta a bhfuil traidisiún luachmhar scéalaíochta, drámaíochta, béaloidis agus ealaíne aici. Is uirlis riachtanach iad na healaíona freisin maidir leis an nGaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt agus tríothu cuirtear deis chruthaitheach thábhachtach ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge.

"Sa dara cuid dár gcruinniú, beidh an t-oideachas tríú leibhéal ar Inis Arcáin, Co. Chorcaí ar an gclár nuair a bheidh cruinniú againnn le hionadaithe ó Chumann Forbartha Inis Arcáin, ó Chomhairle Contae Chorcaí agus le hOifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta."

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 28 Feabhra 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.


Barr
Roinn