Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Daltaí os comhair Choiste na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge

7 Márta 2018, 15:20

Tiocfaidh daltaí dara leibhéal os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun aitheasc a thabhairt maidir le nithe a bhaineann dóibh féin ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste amárach, Déardaoin, an 8 Márta.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, beidh deis ag daltaí ó Choláiste Ghobnait; ó Choláiste Naomh Éinne; ó Choláiste Naomh Eoin agus ó Ghaelcholáiste Reachrann a insint do pholaiteoirí cad iad na deiseanna, na dúshláin agus na constaicí atá ann, dar leo, do dhaoine a mbeidh a gcuid scolaíochta curtha díobh sna blianta atá romhainn.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Tá cáil ar Sheachtain na Gaeilge mar fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge agus tá sí ar cheann de na ceiliúrthaí is mó dá bhfuil againn ar ár dteanga dhúchais agus ár gcultúr a bhíonn ar siúl gach bliain agus is cuí go ndéanfadh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán comóradh uirthi i dTeach Laighean.  Is deis iontach é seo chomh maith do dhaoine óga cuairt a thabhairt ar Thithe an Oireachtais agus labhairt le polaiteoirí faoi nithe atá tábhachtach dóibh.  Is deis é dúinne chomh maith tuairimí a chloisteáil ón gcéad ghlúin eile de vótálaithe maidir le roinnt ábhair thábhachtacha a bhaineann dóibh.  Nuair a dhéanaimid plé le daltaí trí Ghaeilge i dTeach Laighean, leagaimid níos mó tábhachta ar an bparlaimint agus tá cruinnithe den sórt seo tábhachtach ó thaobh ár dteanga a choimeád beo agus mar chuid dár saol laethúil.”

Tosóidh an cruinniú ar 3 p.m. i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

 

Barr
Roinn