Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun athchromadh ar éisteachtaí maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017

16 Aib 2018, 11:14

Athchromfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar a éisteachtaí maidir le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 ag a chruinniú, Dé Céadaoin an 17 Aibreán 2018, nuair a bhuailfidh sé le hoifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Tá grinnscrúdú réamhreachtach á dhéanamh faoi láthair ag an gCoiste ar Scéim Ghinearálta agus ar Dhréacht–Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla lena leasófar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Amárach, leanfaimid dár mbreithniú ar an dréacht-reachtaíocht nuair a bhuailfimid le hoifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is deis í seo don Choiste a ionchur a sholáthar maidir le bille teanga láidir, éifeachtach a dhréachtú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint, agus a rachaidh chun tairbhe do phobail na Gaeltachta.

Creideann an coiste nach foláir leis an mBille seo rogha réalaíoch a sholáthar do shaoránaigh maidir le cibé teanga oifigiúil ar mhaith leo leas a bhaint aisti agus iad ag plé leis an Stát agus lena fhorais phoiblí agus gur sa dá theanga oifigiúla de chuid an Stáit ba chóir do chomhlacht poiblí aon seirbhís acu a sholáthar. Is é an cuspóir go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí, faoi dheireadh, gach seirbhís aige a sholáthar don phobal agus do thríú páirtithe sa dá theanga oifigiúla de chuid an Stáit. Ní mór go mbeidh soláthar na seirbhísí seo ar chomhchaighdeán, go mbeidh an rochtain chéanna air agus go mbeidh sé chomh héifeachtach chéanna, is cuma cén teanga ina soláthraítear iad.”Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. Dé Céadaoin an 17 Aibreán 2018 i Seomra Coiste 4. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn