Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun an Bille Oidhreachta, 2016 a mheas

24 Aib 2018, 14:32

Déanfaidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht breithniú ag céim an choiste ar an mBille Oidhreachta, 2016 ag cruinniú den choiste a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, an 25 Aibreán 2018.

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seosaimhín Ní Mhadagáin T.D., i láthair ag an gcruinniú a chuirfear tús leis ar 1.30 p.m., i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn