Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Na hEalaíona agus an Ghaeilge agus ról Údarás na Gaeltachta faoi chaibidil ag an gCoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht

8 Beal 2018, 17:03

Leanfaidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht dá éisteachtaí maidir leis na healaíona sa tsochaí nuair a phléifidh sé na healaíona agus an Ghaeilge ag a chruinniú Dé Céadaoin, an 9 Bealtaine 2018.  Anuas air sin, déanfaidh an Coiste plé ar ról Údarás na Gaeltachta maidir le fiontraíocht a fhorbairt agus poist a chruthú.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín TD: “Beidh cruinniú againn amárach ina dhá chuid.  Sa chéad chuid den chruinniú, leanfaidh an Coiste dá shraith éisteachtaí maidir leis na healaíona sa tsochaí.  Díreofar sa chruinniú ar an nGaeilge sna hEalaíona nuair a bhuailfimid le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle Ealaíon agus ó Fíbín Teo.  Is cuid thábhachtach í an Ghaeilge, idir scríobh agus labhairt na teanga, dár n-oidhreacht chultúrtha agus ealaíonta a bhfuil traidisiún luachmhar scéalaíochta, drámaíochta, béaloidis agus ealaíne aici.  Is uirlis ríthábhachtach iad na healaíona freisin maidir leis an nGaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt, agus cuirtear deis thábhachtach chruthaitheachta ar fáil tríothu do phobal labhartha na Gaeilge.  Beidh deis againn amárach iniúchadh is doimhne a dhéanamh ar an nGaeilge sna healaíona mar chuid dár n-éisteachtaí.

Tiocfaidh Údarás na Gaeltachta os comhair an Choiste amárach freisin chun aitheasc a thabhairt maidir lena bhfuil bainte amach aige agus maidir lena chuid cuspóirí i ndáil le fiontraíocht a fhorbairt, mar aon leis na dúshláin atá roimhe óna thaobh sin de.”

Tosóidh an cruinniú ar 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 9 Bealtaine 2018 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo: https://beta.oireachtas.ie/ga/oireachtas-tv/cr4-live/

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.




Barr
Roinn