Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun díriú ar chúrsaí ceoil in Éirinn

22 Beal 2018, 09:17

Beidh cúrsaí ceoil in Éirinn sa lá atá inniu ann ar chlár an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht ag a chruinniú Dé Céadaoin, 23 Bealtaine 2018.

 

Beidh na daoine seo a leanas ag láithriú os comhair an Choiste:

Ionadaithe ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath - An Ardscoil Ceoil agus Drámaíochta
 Ionadaithe ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann    
Ionadaithe ó Sing out with Strings  - Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann
Ionadaithe ó Music Generation  

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín, TD: “Tá oidhreacht cheoil in Éirinn atá saibhir, bríomhar, ó cheol traidisiúnta Gaelach go dtí ceol claisiceach go dtí rac-cheol nua-aimseartha agus popcheol. Tá ról ríthábhachtach ag an gceol, san uile fhoirm ina bhfuil sé, inár sochaí agus féadfaidh sé misneach a thabhairt do dhaoine ina saol, cibé acu trí bheith ag éisteacht nó trí pháirt a ghlacadh ann. Tá sé an-tábhachtach, mar sin, go mbeidh rochtain ag cách ar an gceol agus go mbeidh fáil acu ar oideachas ceoil. Ar an gCéadaoin, cloisfimid ó réimse fhairsing eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cúrsaí ceoil agus le hoideachais ceoil in Éirinn, lena n-áirítear Ardscoil Ceoil agus Drámaíochta Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ionad sármhaitheasa don oideachas éalaíon taibhiúcháin; Music Generation, clár náisiúnta na hÉireann don oideachas ceoil; Comhaltas Ceoltóirí Éireann atá bainteach le ceol traidisiúnta Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn; agus Sing out with Strings de chuid Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann, a sholáthraíonn ceardlanna teagaisc seachtainiúla san amhránaíocht, i gcumadh an cheoil, sa veidhlín, sa vióla, sa dordveidhil agus san olldord do 300 leanbh ar fud Chathair Luimnigh. Táimid ag tnúth le hidirghníomhú léargasach, forleitheadach agus táirgeach”.

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 1.30 p.m., Dé Céadaoin i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn