Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 foilsithe ag Coiste na Gaeilge

19 Meith 2018, 13:53

D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a dhréacht-tuarascáil inniu, Dé Máirt an 19 Meitheamh, ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, TD, cé go gcuireann an Comhchoiste fáilte roimh na forálacha dearfacha sna Dréacht-Cheannteidil, go bhfuil imní ar an gCoiste, mar gheall ar an ngéarchéim reatha a bhaineann leis an nGaeilge agus le pobail na Gaeltachta, nach bhfuil forálacha sonracha sna Ceannteidil i ndáil le straitéisí sonracha a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an bhfadhb láithreach.

Dúirt an Teachta Connolly: “Is gá idirghabháil láithreach agus réamhghníomhach a chur i bhfeidhm agus ní mór an méid sin a bhaint amach laistigh de scálaí ama aitheanta. Ní mór an idirghabháil agus na scálaí ama sin a leagan amach go soiléir san Acht nua.

Is iad na forálacha a bhaineann le hearcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí agus caighdeán na seirbhísí atá le soláthar na forálacha is tábhachtaí agus ní mór na forálacha sin a neartú má tá na haidhmeanna san Acht nua le baint amach againn.”

Ina thuarascáil, thug an Coiste míniú ar a mholtaí i ndáil leis na ceisteanna seo agus ceisteanna iomchuí eile.

Is féidir an tuarascáil ina hiomláine a léamh anseo: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/32/comhchoiste_na_gaeilge_na_gaeltachta_agus_na_noilean/reports/2018/2018-06-19_tuarascail-ar-sceim-ghinearalta-bhille-na-dteangacha-oifigiula-leasu-2017_en.pdf

Barr
Roinn