Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Béim curtha ar ghnóthachtálacha agus ar rannpháirtíocht an phobail i dtuarascáil Thithe an Oireachtais do 2017

28 Meith 2018, 16:28

I dTuarascáil Bhliantúil Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2017, a foilsíodh inniu (Déardaoin), cuirtear síos ar bhliain a chonaic gnóthachtálacha, rannpháirtíocht méadaithe an phobail agus athleasú parlaiminteach, agus é sin ar fad le linn d’oibreacha móra caomhnaithe ar Theach Laighean a bheith ar siúl sa chúlra.

Tuairiscíonn an coimisiún, ar a bhfuil 11 chomhalta agus atá freagrach as Tithe an Oireachtais a reáchtáil, gur tháinig méadú ar ghníomhaíochtaí parlaiminteacha agus ar rannpháirtíocht an phobail.

Ar na forbairtí agus pointí staidrimh is mó suntas don bhliain 2017 áirítear na nithe seo a leanas:

  • thionscain na Tithe 156 Bhille, rith siad 41 Bhille agus phróiseáil siad 58,820 ceist pharlaiminteach;
  • shuigh na Tithe ar 190 lá ar fad (nó 1429 n-uair an chloig); shuigh Dáil Éireann 104 lá (923 uair an chloig) agus Seanad Éireann 86 lá (506 uair an chloig);
  • thug Coistí Oireachtais aghaidh ar shaincheisteanna casta agus íogaire lena n-áirítear táillí Uisce Éireann, cúram sláinte sa todhchaí, agus an tOchtú Leasú ar an mBunreacht; thionóil na Coistí 665 chruinniú, tháinig 2,179 bhfinné ina láthair, thíolaic siad 80 tuarascáil, agus bhreithnigh siad 34 achainí ón bpobal;
  • mar chuid den chlár oibre um Athleasú na Dála, ceapadh an chéad Stiúrthóir ar an Oifig BuiséidPharlaiminteach agus tá raon leathan foilseachán mionteagaisc, anailíse agus grafaice faisnéise curtha ar fáil ag an oifig nua-bhunaithe sin;
  • neartaíodh agus leathnaíodh Oifig an Chomhairleora Dlí Parlaiminte chun níos mó tacaíochta a chur ar fáil do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí le linn dóibh Billí Comhaltaí Príobháideacha a dhréachtú; agus
  • tháinig 95,336 chuairteoir chuig na Tithe, lena n-áirítear 52,000 duine ar thurais threoraithe agus grúpaí scoláirí a fuair cuireadh mar chuid de chláir oideachais leathnaithe a ndéanann an tOifigeach Oideachais Parlaiminte, a earcaíodh le gairid, maoirsiú orthu.

Deir Seán Ó Fearghaíl, Cathaoirleach Choimisiún Thithe an Oireachtais agus an Ceann Comhairle, go ndearnadh leathnú ar lorg mheáin shóisialta an Oireachtais agus gur cuireadh béim ar rannpháirtíocht an phobail a mhéadú in 2017 agus anois i mbliana go bhfuil toradh na hoibre sin le feiceáil de réir mar a oibríonn an fhoireann ar chlár bliana imeachtaí a eagrú do “Vótáil 100”, clár imeachtaí a dhéanann comóradh ar an tráth cothrom céad bliain ó tugadh an ceart vótála do mhná.

“Tá ár gcuntais ar na meáin shóisialta á bhfeiceáil ag lucht leanúna atá ag dul i leithne a fhágann go bhfuil ar a gcumas teagmháil a dhéanamh leis na Tithe ar bhealaí éagsúla agus nuashonrúcháin faisnéise rialta a fháil faoin ngnó parlaiminte,” a dúirt sé. “Le Oireachtas TV, déantar rochtain a thabhairt do go leor daoine breise ar na himeachtaí parlaiminte. Déantar na himeachtaí a bheoshruthú ar aip an Oireachtais freisin. Chun cur leis na hiarrachtaí sin, rinneadh athdhearadh iomlán ar shuíomh gréasáin an Oireachtais a ligeann d’úsáideoirí rochtain a fháil ar réimse níos leithne den fhaisnéis pharlaiminteach ar bhealach níos éasca.”

Ghabh an Ceann Comhairle buíochas leis an bhfoireann i dTithe an Oireachtais, in Oifig na nOibreacha Poiblí agus in Ard-Mhúsaem na hÉireann as comhoibriú le chéile chun athfheistiú Theach Laighean a chur chun cinn.                 

Dúirt sé: “Tá an clár oibre don athfheistiúchán dírithe ar an bhfoirgneamh oidhreachtúil a chaomhnú do na glúine atá amach romhainn agus, an tráth céanna, ar fhreastal a dhéanamh ar riachtanais parlaiminteoirí a bhíonn ag athrú de shíor,” agus chuir sé leis sin gur críochnaíodh aistriú sealadach an tSeanaid go háitreabh an Ard-Mhúsaeim in 2017 “de réir sceidil agus lig sin do na suíonna agus do ghnó an tSeanaid leanúint ar aghaidh gan stró.”

Léigh an tuarascáil bhliantúil iomlán anseo here.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn