3 Iúil 2018, 17:02
Leanfaidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht dá éisteachtaí maidir leis na healaíona ag a chruinniú Dé Céadaoin, an 4 Iúil 2018, nuair a phléifidh sé an t-ábhar, Tacaíocht agus Éascaíocht do na hEalaíona.
Is iad na grúpaí ar tugadh cuireadh dóibh teacht os comhair an Choiste chun an t-ábhar a phlé: Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe; Féile Ealaíon Chill Chainnigh; Ionad Tyrone Guthrie; Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail; agus Féile Cheoil Chill Chainnigh.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín TD: “Mar chuid den phlé leathan atáimid a dhéanamh ar na hEalaíona, déanfaimid cíoradh ar cheist na Tacaíochta agus na hÉascaíochta do na hEalaíona nuair a labhróimid le lucht eagraithe roinnt imeachtaí agus féilte ealaíon ar fud na tíre atá ag cruthú go maith, agus le hionadaithe ó Ionad Tyrone Guthrie. Cuirfimid spéis ina mbeidh le rá acu faoi ról agus luach na n-ealaíon sa tsochaí, faoin gcaoi ar féidir linn feabhsuithe a dhéanamh maidir le rochtain ar na healaíona agus faoi na tacaí a bhfuil gá leo chun taca a chur faoi na healaíona de gach cineál, agus chun tacú leo agus iad a éascú, ar fud na tíre.”
Tosóidh an cruinniú ar 1.30pm Dé Céadaoin, an 4 Iúil 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.