Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú breise do ghrúpaí pleanála teanga i bpobail Ghaeltachta á éileamh ag Coiste na Gaeilge

4 Iúil 2018, 16:34

Ba chóir tuilleadh cinnteacht maoinithe a thabhairt do ghrúpaí Pleanála Teanga a oibríonn chun pobail Ghaeltachta i nDún na nGall agus ar fud na tíre a chothú, de réir tuarascáil nua a sheol Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an 28 Meitheamh 2018.

Tá an tuarascáil bunaithe ar chuairt a thug toscaireacht ón gCoiste ar Ghaeltacht Ghaoth Dobhair i nDún na Gall an 5 Feabhra 2018.  Tá 28 moladh sa tuarascáil agus baineann siad le Dún na nGall agus leis na ceantair Ghaeltachta eile ar fud na tíre.

I Moltaí 1 agus 2, iarrtar ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht iomlán a thabhairt do choistí Pleanála Teanga áitiúla i gceantair Ghaeltachta agus moltar go ndéanfaí an maoiniú do Phleananna Teanga a leagan amach ar bhonn seacht mbliana ionas go bhféadfadh coistí foireann a fhostú ar feadh ré na bpleananna.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Na daoine áitiúla atá ag treabhadh an ghoirt i gceantair Ghaeltachta, is iadsan atá lárnach maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim atá roimh an nGaeilge.  Teastaíonn cinnteacht maidir le maoiniú ó choistí pleanála teanga ionas gur féidir leo pleanáil fhadtréimhseach a dhéanamh agus an fhoireann a theastaíonn uathu a fhostú.”

Tá an Coiste ag iarraidh freisin ar an Rialtas a chinntiú go mbeidh gach taca agus seirbhís atá ar fáil do scoileanna Béarla ar fáil trí Ghaeilge do scoileanna Gaeilge chomh maith, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.  I Moladh 12, iarrtar go méadófaí an buiséad do Scéim na gCúntóirí Teanga agus go leathnófaí an scéim chun an scoilbhliain ar fad agus scoileanna Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chuimsiú.

Dúirt an Teachta Ní Chonghaile: “Is ríthábhachtach an ról atá ag na Cúntóirí Teanga maidir lena chinntiú go dtabharfar an Ghaeilge ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht.  Anuas air sin, ní foláir tacú le scoileanna Gaeltachta maidir le húsáid na Gaeilge, agus ní cóir caitheamh níos measa leis na scoileanna sin ná mar a chaitear le scoileanna Béarla.  Dá bhrí sin, tá an Coiste ag iarraidh, i Moltaí 20 agus 22, go ndéanfaí gach seirbhís, amhail SNSO agus teiripe urlabhra, agus gach acmhainn, amhail téacsleabhair agus ábhair seomra ranga, atá ar fáil faoi láthair do scoileanna Béarla a chur ar fáil trí Ghaeilge do scoileanna Gaeilge.”

I Moltaí 26 agus 27, iarrtar ar an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta tacú le hÁislann Ghaoth Dobhair chun leanúint dá cuid oibre agus maoiniú a sholáthar chun a macasamhail de mhoil fiontraíochta a bhunú i gceantair Ghaeltachta eile i nDún na nGall.  I Moltaí 4 agus 28, moltar go leanfaí de thacú leis na healaíona i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus go ndéanfaí an turasóireacht i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn, go háirithe turasóireacht atá bunaithe ar an nGaeilge agus ar fhéiniúlacht chultúrtha uathúil na gceantar Gaeltachta.

Tá an tuarascáil ina hiomláine le fáil anseo: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/32/comhchoiste_na_gaeilge_na_gaeltachta_agus_na_noilean/reports/2018/2018-07-04_tuarascail-ar-an-toscaireacht-go-gaeltacht-dhun-na-ngall_ga.pdf

Barr
Roinn